Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 7 Longbhriseadh An H.M.S. Wasp ar Oileán Thoraigh. Bhí feachtas an díshealbhaithe faoi lán seol in iarthar Dhún na nGall idir 1882 agus 1888 de bhrí gur ardaigh na Tiarnaí Talún na cíosanna go dtí leibhéal nach raibh ar chumas na ndaoine a íoc. Tá a fhios againn uilig faoi ansmacht an Chaptaen Hill i nGaoth Dobhair agus an díshealbhú a rinne John George Adair i nGleann Bheithe níos luaithe sa chéad. Bhí a mhacasamhail ag dul ar aghaidh ar Oileán Thoraigh ag an Tiarna Sir John Olphart ach ghlac na daoine leis an chomhairle ó Chumann na Talún gan cíos ar bith a íoc ní ba mhó. Cuireadh beirt bháillí chun an oileáin i gcuideachta roinnt póilíní ach cuireadh an ruaig orthu amach as an áit go luath. Bhí plean ag an rialtas lámh chuidithe a thabhairt do na tiarnaí talún, áfach, agus seoladh H.M.S.Wasp, bád gunna 435 tonna, ó thuaidh as Cathair na Mart ar an 20 Meán Fómhair 1884. Bhí orduithe ag an Chaptaen póilíní, báillí agus an Breitheamh Mr. Harvey a thabhairt ar bord ag Bun a ’ Phobail chun cíosanna a thógáil i dToraigh agus áiteacha eile ar an chasán. Ach bhí mí - ádh ar aistear an Wasp ón tús. Bhrúigh an ghaoth aduaidh í go maith ar shiúl óna cúrsa go dtí go deachaigh sí ar seachrán sa dorchadas. Ghéaraigh an ghaoth agus mhéadaigh luas an bháid go dtí nach raibh a fhios ag an fhear stiúrtha cá raibh sé ar chor ar bith. Ba oíche dhoineanta, dhorcha a bhí ann mar a bhíonn sé go minic ins an chuid sin den iarthuaisceart ag an am sin den bhliain ach cé go raibh an soitheach in aice le Teach Solais Thoraigh, níor léar don fhoireann cladach an oileáin. Bhuail sí na carraigeacha ag Bun na Leice agus í faoi dhá scór slat ón chladach thuaidh, ach níor sábháladh ach seisear mairnéalach as an chaoga a hocht a bhí ar bord. Bádh an Captaen Nicholls ina chábán agus bádh fosta iomlán na n - oifigeach a bhí ar bord. Tharla an tubaiste ar a tri a chlog ar maidin an 21 Meán Fómhair 1884. Ar feadh roinnt laethanta ina dhiaidh sin tháinig coirp agus trealamh mairnéalach i dtír leis an lánmhara agus landáil soitheach eile, an Bounty, gur phioc sí suas ceithre chorp déag agus an seisear a tháinig slán. Tháinig coirp eile isteach leis an taoide nuair a bhí an Bounty imithe agus cuireadh iad siúd sa ‘ Reilig Gallda ’ os cionn na mbeann ar scriosadh an Wasp orthu tamall roimhe. Fuarthas tuilleadh corp ar tír mór agus tá siad sin curtha i bPort na Bláthaí agus i Machaire Gathlán. Deir Leaslaoi Lucas, ina leabhar ‘ Mevagh Down the Years ’ go bhfuil ceithre chorp ó bhád gunna an ‘ Wasp ’ curtha i seanreilig Charraig Airt. Cuireadh triúr ar an 28 Deireadh Fómhair agus an ceathrú corp ar an 30 Deireadh Fómhair 1884. Ach caidé an dóigh a dtiocfadh le tubaiste dá leithéid seo tarlú? Seo í an cheist agus tá níos mó ná teoiric amháin a thugann faoi mhíniú a thabhairt ar an eachtra seo. Deir daoine go raibh fear ag obair i dTeach an tSolais an oíche údaí agus gur chuir seisean an solas de chun an Wasp a chur ar seachrán. Níos moille anonn chuaigh beirt fhear eile suas leis an lampa a lasadh ach bhí siad rómhall no bhí an soitheach sna smeachannaí deireanacha faoin am sin. Tháinig siadsan uirthi ar a leataobh ar na carraigeacha ag bun na mbeann agus le cuidiú ó dhaoine eile, d ’ éirigh leo an seisear nár bádh a thabhairt i dtír. Deir daoine eile go raibh cúis ní b ’ urchóidí ag baint leis an longbhriseadh: De réir an tseanchais, bhí an tOileán faoi choimirce Naomh Colmcille ón am a smachtaigh sé an phágántacht ann agus go bhfuil sé mar chuid dá thairngreacht nach gcuirfí amach as a gcuid talaimh iad a choíche. Bhí nós ag muintir an oileáin, ag dul siar go dtí am Cholm Cille, turas a dhéanamh thart ar áiteacha naofa an oileáin. Thug siad An Turas Mór air agus ba rud cráifeach a bhí ann, ach dá mbeadh fonn a mhalairte orthu, bhí an gnás acu an Turas Mór a dhéanamh i dtreo tuathalach. Nuair a chuala bunadh Thoraigh go raibh an Wasp ar a bealach, deirtear go ndearna siad amhlaidh agus ní hé amháin sin ach gur thiontaigh siad Cloch na Mallachta ar an Wasp chomh maith agus gurb é seo ba chúis leis an longbhriseadh! Chreid bunús an phobail gurbh é Colm Cille féin a shábháil iad an oíche léanmhar sin agus nach raibh sé ach ag comhlíonadh an ghealltanais a thug sé do bhunadh an oileáin fada ó shin. Is iad seo beirt de na teoiricí a bhfuil baint acu leis an eachtra agus b ’ fhéidir go bhfuil do thuairim féin agatsa ach i gcás ar bith, is cuma cé acu teoiric a chreideann tú, chuaigh an Wasp go grinneall na farraige. Tá an chúis ina rúndiamhair go dtí an lá atá inniu ann. Agus beidh. Caoimhín Mac a’Bhaird

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3