Guth Ghoill, Eagrán 40

Eagrán 40 Nollaig 2011 8 An Crann Le Proinsias Ó cuilinn Chonaic mé é, seanchrann feá, ar bhruach Chuan na Long ina sheasamh, Tá sé ansin leis na cianta níl aon amhras fá sin, na préamhacha sáite go domhain ins an talamh. I bhForaois na hArdaigh faoin mhainistir álainn, seasann sé go bródúil sa pháirc. Spréann na craobhacha mórga amach i ngach aird óna cholainn mar a bheadh sciatháin fathaigh ag bagairt. Tá suíochán in aice leis, shílfeá i dteallach an chrainn, i lár radhairc nach ndéanfaí a shárú. Is tú i do shuí ar do shuaimhneas faoi scáth an chrainn ríoga, ar a shaol seanda déanann tú machnamh. Cén aois atá tú, a Ard - Rí na Foraoise? an cuimhin leat laethanta d ’ óige? Cad é iad na cathanna a troideadh anseo romhat? is tú mar fhianaise tostach na conspóide. Cad é fá Chlann tSuibhne is Caisleán na dTuath? An bhfaca tú a bhunchloch a leagan? Ar shuigh Maolmhuire anseo is a Bhata Buí ina lámh, is todhchaí na nGael Uasal faoi scamall? Chuaigh Eoghan Rua é fhéin tharat anseo is é ar a bhealach chuig an chaisleán. Ar thug tú é fá deara nó ar thuig tú a thábhacht? Is é mar aidhm aige an saol Gaelach a tharrtháil. An bhfaca tú ár muintir is an Gorta a scriosadh? Ar thit mórán anseo faoi do scáth? An raibh deor i do shúil nuair a chonaic tú an scriosadh, Is iad uilig curtha i dtalamh gan trácht? An raibh an deoraíocht trom anseo i do cheantar? is iad ag fágáil ina sluaite ar thraein? An deachaigh siúlóidí tharat is na daoine croí bhriste? is a saolta le caitheamh i gcéin Ó, a chrainn uasail, dá dtiocfadh leat labhairt, dá gcuirfeá d ’ eolas i bhfoirm amhráin nó ceoil. Bheadh saibhreas is iontas i ngach focal táim cinnte, Bheadh gach rúin is gach abairt mar ór. Ní tharlóidh sin is tá sé in am domhsa imeacht, Fágaim slán leatsa is le críonnacht do stóir. Tá saol fada tharat is níos faide amach romhat Suífidh glúnta anseo leat go fóill.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3