Guth Ghoill, Eagrán 40
Eagrán 40 Nollaig 2011 9 Seo an dara bliain do Chéim Aniar an fhéile seo a reáchtáil agus bhí os cionn céad dalta páirteach ann arís i mbliana. Bhí dhá chomórtas ar siúl, Comórtas Aithris Filíochta do pháistí bunscoile ó na Naíonáin ar aghaidh agus do dhaltaí meánscoile agus comórtas agallamh beirte do dhaltaí bunscoile ó Rang 3 ar aghaidh agus do dhaltaí meánscoile. Bhí na comórtais seo oscailte do dhaltaí scoile sa cheantar seo agus sna ceantracha máguaird agus bhí páistí anseo ó Bhaile na Finne, ó Chill Mhic nÉanain, ón Chraoslach, ó Scoil Eoin Baiste i gCarraig Airt, agus ó Scoil Cholmcille i nDuibhlinn Riabhach, chomh maith le muintir na nDúnaibh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta, le Comhairle Contae Dhún na nGall agus le Raidió na Gaeltachta as a gcuid tacaíochta don fhéile seo. Ba mhaith linn fosta ár mbuíochas a chur in iúl do na moltóirí, Seán Ó Morónaigh (Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta) agus Frances Nic Géadaigh (Raidió na Gaeltachta), do Mheitheal Mhíobhaigh as an fhoirgneamh a chur ar fáil dúinn agus do na tuismitheoirí a chur sólaistí galánta ar fáil agus a chuidigh linn ar an lá. Seo thíos traidhfil pictiúr ón lá. →
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3