Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 11 Long an Óir - An Laurentic. Ba mhór an ráchairt a bhí ar thaisteal go Meiriceá Thuaidh ag deireadh an 19ú aois. B’iomaí cúis a bhí le seo: In Éirinn, mar shampla, bhí nós na himirce bunaithe go daingean i meon na ndaoine i ndiaidh tu- baiste an Ghorta Mhóir (1845 - 1848). Nuair a thángthas ar ór i gCalifornia agus sa Yu- kon, bhí ruathar millteanach faoi dhaoine ar fud na hEorpa ag iarraidh dul ar thóir an óir. Taobh amuigh de sin, bhí na mílte ag iarraidh saol agus slí beatha nua a bhaint amach dófa fhéin sa Domhan Úr trasna an Aigéin Atlantaigh. Ar ndóiche, ní raibh taisteal aeir ar bith ann san am sin agus dá bhrí sin, ba trasna na farraige a chuaigh siad. Ó lár na 19ú aois, thosaigh siad ag tógáil bádai móra, ar tugadh línéir orthu, chun lasta agus paisinéirí a iompar. Tugadh ré órga na línéar ar an tréimhse ó 1900 – 1939, mar ba i rith an ama sin a tógadh na soithí ba mhó agus ba mhacnasaí (luxurious) ar tógadh riamh roimhe. Ar cheann acu seo, bhí an SS Laurentic, a tógadh i longchlós Harland & Wolff i mBéal Feirste idir 1907 agus 1909. Ba í an Laurentic an long ba dheireanaí a thóg an chomhlacht sin, roimh thógáil an Titanic. Bhí sí 550 troigh ar fad agus bhí trí lián (propellers) uirthi. Rinne sí a céad turas farraige ar an 29ú Aibreán 1909 ó Bhéal Feirste go Quebec agus Montreal. Bhí sár-luas inti agus ní raibh fomhuireán ar bith ábalta cos a choinneáil léi. Ba de thairbhe seo a rinneadh cúrsóir catha (battle cruiser) di do Chabhlach Cheanada blianta ina dhiaidh sin. Bhain sí clú agus cáil amach di féin toisc go raibh baint aici le cás an dúnmharfóra a tharraing mí-chlú ar fhéin, sin an Dr. Crippen. Theith seisean ó Londain i ndiaidh a bhean chéile a mharú, ar long darbh ainm an Montrose, a bhí ag dul go Ceanada. Ach d’aithin captaen na loinge é agus mar a tharla, ba seo long amháin de bheagán lon- ga ar a raibh craolachán (wireless) de chuid Marconi. Chuir seisean scéala ar ais go Scotland Yard agus chuaigh lorgaire darbh ainm Chief Inspector Walter Dew sa tóir ar Crippen. Chuaigh sé ar bord an Laurentic agus cé go raibh tús trí lá ag an Montrose, bhí an Laurentic chomh tapaigh sin gur shroich sí Ceanada roimh an Montrose agus gabhadh Crippen. Tugadh ar ais go Londain é, áit ar crochadh é ar an 28ú Sam- hain, 1910. Le linn di a bheith ag feidhmiú in am na síochána, rinne An Laurentic freastal ar mhuirbhealach Learpholl – Ceanada. Bhí sí i Montreal nuair a bhris an Chéad Chogadh Mór Domhanda amach agus coimisiúnaíodh í mar iompróir saighdiúirí armtha do Cha- bhlach Cheanada sa bhliain 1915. Bhí an Bhreatain Mhór ag ceannach lón cogaidh ó Cheanada i rith an chogaidh agus cuireadh lasta mór de bhuillean óir ar an Laurentic le tabhairt ó Learpholl go Halifax, Nova Scotia, le díol ar a shon. Agus í ag dul trí mhíle ó thuaidh de Theach Solas Fhánada ar an 25ú Eanáir, 1917, bhuail sí dhá mhianach ar snámh agus cuireadh go grinneall na farraige í. Cailleadh 354 fear amach as foireann de 470 a bhí uirthi. Chuaigh 43 tonna óir go tóin ina theannta sin! Rinneadh os cionn 5,000 tumadh ar an longbhriseadh idir 1917 agus 1924 agus fu- arthas 99% den óir. Ach deirtear go bhfuil 20 ingot órga fágtha thíos nach dtángthas orthu go fóill, arbh fhiú suas le £10,000,000 iad in airgead an lae inniu. Ach sula dtugann tú ruathar amach á chuartú, bíodh a fhios agat go raibh an chuid ba dheireanaí den ór níos mó ná 10 meadar faoi ghaine-

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3