Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 12 amh an ghrinnill agus b’in 90 bliain ó shin! Thug ceithre chloigeann déag fear de chuid tumadóirí Na nDúnaibh an gunna breá sin a bhfuil 10.2 tonna meáchain ann agus atá le feiceáil ar chéidh na nDúnaibh, aníos ón Laurentic sa bhliain 2007. Tugadh cuireadh d’ambasadóir Cheanada in Éirinn, an tUasal Hearn theacht anseo, rud a rinne sé ar an 26 Eanáir i mbliana. Cuireadh fáilte mhór roimhe agus rinne na baill áitiúla de Gharda Cósta na hÉireann garda gradaim dó. Thar rialtas Cheanada, ghabh sé a bhuíochas do mhuintir na háite as ucht an gunna a chur ar taispeántas agus bhí ócáid dheas ann nuair a chuir sé bláth- fhleasc ar leac chuimhneacháin na ndaoine a cailleadh ar muir. Ag cur fáilte roimh an Ambasadóir Hearn Báchrán (Bog Bean) Is luibh iontach searbh é Báchrán ach deir- tear go bhfuil sé maith don fhuil agus don chraiceann. Fásann sé in áit fhliuch macasamhail portaigh nó ar imeall locha agus thart anseo baintear é sa chéad seach- tain de mhí an Mhárta, sula dtagann bláthanna air. Gearrann tú na rútaí beaga agus na duilleoga de agus níonn tú é agus amharcann sé rud beag cosúil le asparagas ansin, planda beag caol, fada agus dath glas air. Cuireann tú é isteach i bpota le huisce agus bruithe- ann tú é ar feadh leathuaire nó mar sin agus ansin lige- ann tú do fuarú. Cuireann tú é fríd síothlán ansin agus tá tú fágtha le deoch gheal. Glacann tú leathcheann beag achan mhai- din ar feadh míosa. Is dóiche gurb é an rud ba sheirbhe a bhlaisfeá a choíche agus nuair a bheadh an mí thuas bheadh sé doi- ligh a ghlacaint. Ní mhaireann an sú rófha- da, éiríonn sé ramhar agus sobalach i ndiaidh tamaill agus níorbh fhéidir é a ól. Tchínn tú an báchrán ag fás san uisce sna grianghraif seo, a glacadh ag loch thí- os ar an Mheall Mhór i mbliana .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3