Guth Ghoill, Eagrán 41
Eagrán 41 Aibreán 2012 13 Drámaí na bPáistí 2012 Bhí cúig dhráma ar an ardán ag Céim Aniar in Amharclann an Ghrianáin d ’ Fhéile Scoildrámaíochta Ghaoth Dobhair ar 26 Feabhra - An Plúirín Bán le páistí ó Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra, Labhraidh Loinseach le páistí ó Rang 1 & 2, Cath Chluain Tairbh le páistí ó Rang 3 & 4, An Chulaith le daltaí ó Rang 5 agus Triail An Drabhlásaí le daltaí ó Rang 6. Bhí páistí ó Rang 5 agus Rang 6 ar an ardán arís sa Ghrianán d'Fhéile Uladh ar 25 Márta agus cháiligh an dráma “ Triail an Drabhlásaí ” don Fhéile Náisiúnta a bheas ar siúl sa Mhuileann gCearr roimh dheireadh na míosa. Cuireadh na drámaí uilig i láthair i gColáiste Ros Goill ar na mallaibh chomh maith. Chuir na páistí lear oibre isteach agus tá moladh mór tuilte acu, agus ag a gcuid tuismitheoirí a chuidigh leo. Naíonáin Rang 1 & 2 Rang 3 & 4 Rang 5 Rang 6
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3