Guth Ghoill, Eagrán 41
Eagrán 41 Aibreán 2012 14 Seo thíos cuid de na tuismitheoirí a bhí ag cuidiú cúl stáitse agus cuid de na páistí roimh dhul ar an ar- dán in Amharclann an Ghrianáin. Bhí Aisteoirí Mhíobhaigh ar an ardán ag Féile Rann na Feirste ar 23 Márta agus dráma úr de chuid Phroinsias Uí Cuilinn, ' Taibhsí na nGael ' , a chur i láthair acu don darna uair. Beidh an dráma seo le feiceáil amach anseo arís i gColáiste Ros Goill. Beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl sna Dúnaibh ó 4 - 6 Bealtaine agus féasta de dhrámaí Gaeilge a léiriú i gColáiste Ros Goill. Foireann i mbliana: Ó chlé, ar chúl tá John Mac Laifeartaigh, Joe Ó Cuilinn, Daragh Mac Laifeartaigh, Seán Ó Dochartaigh, Seán Mac Giolla Bhríde, Caoimhín Mac a’Bhaird agus Finghin Mac Laifeartaigh. Chun tosaigh tá Ruaidhrí Mac Conaglaigh, Fíona Pasoma agus Proinsias Ó Cuilinn agus as láthair ón phictiúr - Ailín Pasoma, Antaine Mac Giolla Bhríde (soilse) agus Máire Uí Chléide (smideadh). Aisteoirí Mhíobhaigh sa dráma úr “Taibhsí na nGael ”
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3