Guth Ghoill, Eagrán 41
Eagrán 41 Aibreán 2012 15 Seachtain na Gaeilge 2012 Tá Seachtain na Gaeilge thart arís agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na daoine sin uilig a thug tacaíocht dúinn agus a rinne freastal ar na himeachtaí éagsúla a bhí a reáchtáil againn. Buaiteoirí Thráth na gCeist - foireann Thrá na Rossan, sin Paidí Mac Aoidh, Cormac Goulding, Sonia Harding agus Mícheál Mac Aoidh. Buaiteoirí an chomórtas ealaíne - Máirtín Dugera, Neamhín Ní Dhuagáin, Rónán Pasoma, Máire Nic Aoidh agus Antáin Ó Buaidhe. Seo thíos traidhfil pictiúr a glacadh le linn na tréimhse. Buaiteoirí Tráth na gCeist sa Síbín Ceoil Rith 2012 Ghlac ionadaithe ó Chéim Aniar páirt san fhéile náisiúnta, Rith 2012, féile atá a reáchtáil i rith Seachtain na Gaeilge chun labhairt na Gaeilge a spreagadh agus a cheiliúradh. Cuireadh tús leis an rith i nGaoth Dobhair i mbliana agus chríochnaigh sé in Inis Mór Árainn i gContae na Gaillimhe ar Lá Fhéile Padraig, 10 lá ina dhiaidh sin. Is féidir é a fheiceáil ar Youtube - níl le déanamh ach “ Rith 2012 Lá 1 ” a chur isteach sa bhosca cuardaigh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3