Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 3 John Hughie Mhánais Seo cur síos gearr ar shaol John Hugh- ie Mhánais (John Mac Pháidín) as Dum- haigh a chaith cuid mhór dá shaol san Astráil. Cosúil le go leor daoine a d’fhág ceantar Ros Goill blianta ó shin, ní chloiseann muintir na háite mórán fán saol a chaith na daoine seo thar sáile. Rugadh John i nDumhaigh ar an dara lá déag de Dheireadh Fómhair, 1920, mac le Hughie agus Máire Mhic Pháidín. Ba as Dumhaigh Hughie agus ba de mhuintir Mhic Giolla Chearra nó John Nochaí mar ab fhearr aithne orthu as an Bhaile Úr í Máire. Bhí ochtar páiste sa chlann, cúi- gear gasúr, Mánas a rugadh i 1916, Aindí (1919), John (1920), Hughie (1925) agus Paidí (1927) agus an triúr girseach, Máire (1923), Sophie (1930) agus Bidí (1934). Tá triúr acu beo go fóill, Paidí i gCarraig Airt, Sophie i Nua-Eabhrac agus Bidí i New Jersey. Chaith John cuid dá óige ar an Bhaile Úr le clann John Nochaí. D’fhreastail sé ar scoil Dhoire a’ Chasáin agus d’fhág sé an scoil i ndiaidh rang a sé a chríochnú. D’oibrigh sé fán bhaile ansin agus chaith sé tamall ag iascaireacht le muintir Dhumhaigh agus le muintir John Nochaí. Chaith sé seal ag iascaireacht amach as na Cealla Beaga fosta. Sa bhliain 1939 chláraigh sé d’Arm na hÉireann agus bhí sé lonnaithe i mBaile Átha Luain agus sa Rinn Mhór i nGaillimh. Tiománaí leoraí a bhí ann agus chaith sé a chuid ama ag ti- omáint idir na campaí. Bhí Hughie Óg as na Dúnaibh san arm ag an am chéanna agus bhí John agus Hughie breá cairdiúil lena chéile. Dé réir an scéil, d’fhág John agus Hughie an t-arm ag an am amháin, gan chead! Bhí siad “on the run” ar feadh tamaill. Chuaigh Hughie go Béal Feirste agus d’éalaigh sé ó na péas ach ní raibh John chomh ádhúil agus b’éigean do cú- pla mí a chaitheamh sa phríosún. Sa bhliain 1946 d’fhág John a thír dhúchais agus thug sé aghaidh ar Londain. Chaith sé cúig bliana i Londain ag obair don chomhlacht “Wimpy” agus cé gur bhain sé taitneamh as a chuid ama i Londain, bhí lear cainte san am faoin “saol úr” san Astráil. Rinne sé suas a An teach inár rugadh John i nDumhaigh Thuas ó chlé tá a athair, Hughie, a dheartháir, Paidí agus John é féin. Máire, máthair John, taobh amuigh den teach i nDumhaigh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3