Guth Ghoill, Eagrán 41
Eagrán 41 Aibreán 2012 4 intinn go rachadh sé ar imirce, fuair sé a chuid páipéar go gasta agus i mí na Bealtaine, 1951 thug sé aghaidh ar an Astráil ar bord na loinge “The New Australia”. Ghlac an turas tuairim is cú- ig seachtaine agus sheol sí fríd an Chanáil Suez, ar aghaidh go Fremantle, go Ade- laide agus ansin go Melbourne. Seo an áit a thosaigh sé ina shaol úr. Bhí an saol san Astráil deacair go leor d’Éireannaigh san am sin. D’oibrigh John ar dtús sa tionscal foirgníochta agus go minic bheadh an obair contúirteach agus deacair. I 1955 fuair sé post leis an pháipéar , “The Herald and Weekly Times”. Chaith sé cúig bliana déag sa phost seo. Bhain sé sult as a chuid oibre agus rinne sé cairde maithe ansin. Phós sé bean as Melbourne darbh ainm Eileen Jenkins i 1953 agus bhí beirt iníonacha acu, Carmel agus Marie. Tá ceathrar clainne ag Carmel, sin David, Marissa, Michelle agus Paul agus beirt ag Marie, sin Lauren agus Troy. Tá an dá chlann seo ina gcónaí i Melbourne go fóill. Sa bhliain 1978 chuaigh Marie, iníon John, ar thuras ar fud na hEorpa. Chaith sí trí mhí in Éirinn agus an chuid is mó den am sin i nDumhaigh. Chas sí le teaghlach a hathar agus lena chuid comharsan agus cairde. Bhain sí sult iontach as an am seo agus bhí sí ábalta neart scéalta a d’inis a hathair dí a phí- osáil le chéile. Bhí gach duine sa bhaile ag fiafraí faoi John agus ag dúil go dtiocfadh sé abhaile. Mar gheall ar seo, tar éis pil- leadh ‘na hAstráile di, shocraigh Marie go gcuideodh sí le John an turas seo a dhéa- namh. Ba ghnách léi casadh le John achan Déardaoin, lá páighe, agus thóg- fadh sí roinnt airgid uaidh. Shábháil sí an t-airgead seo go dtí go raibh go leor aici lena hathair a chur ar an turas seo. I mí Ó chlé tá Maire, Mánas, Sophie, Bidí, a n - athair Hughie, John agus Eibhlín Nic Laifeartaigh (Fina). Ned John Nochaí, Mánas agus John ag sé bliana déag d ’ aois. Ag obair ar na suíomhanna.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3