Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 5 na Samhna, 1980, d’fhill John ‘na bhaile. Chaith sé tamall le Mánas i Londain agus ansin in Éirinn d’fhan sé lena dheirfiúr, Máire, agus a dhá neacht, Ann Marie agus Geraldine. Bhain John taitneamh go bráth as an am a chaith sé i nDumhaigh arís. Bhí a dheartháir Hughie sa bhaile ag an am seo fosta agus chaith sé an t-am ar fad lena theaghlach, lena chomharsan agus lena chairde a bhí fós sa bhaile. Is minic a d’inis sé domh fá na hoícheanta Domhnaigh a chaith sé ‘tigh Mhici Sophie agus an craic a bhí aige le muintir na háite. Mar pháirt den turas seo chuaigh John go Meiriceá agus chas sé lena theaghlach amuigh ansin. Bhí Sophie, Bidí, Paidí agus Aindí i Meiriceá ag an am seo agus bhí teacht le chéile galánta acu. Chaith sé an cúpla seachtain deireanach ar ais i nDumhaigh agus ba le croí trom a d’fhág sé an baile don uair dheireanach. Ar ais san Astráil, choinnigh John leis ag obair, faoin am seo don chomhlacht mór “Lend Lease”. D’oibrigh sé ar scéimeanna móna thart ar Melbourne agus fríd stát Victoria. D’éirigh sé as a chuid oibre i mí Aibreán, 1986. Ní duine é a bhí sásta a bheith ina shuí thart agus mar seo, ghlac sé post mar ghlantóir in Óstán darbh ainm “Clifton Hill Hotel”, áit a raibh an -tóir air ag muintir na hÉireann. Is san óstán seo a chas mé féin ar John don chéad uair. Bhí cúpla mac de chuid Hughie Óg, Ben agus John, i Melbourne ag an am seo fos- ta. Bhíodh lúcháir an domhain ar John muid a fheiceáil. “Here comes the young generation” a déarfadh sé nuair a chífeadh sé muid. Bhí John iontach maith do dha- oine óga as Éirinn a bhí ag lorg oibre agus lóistín. Duine a bhí cairdiúil le achan duine a bhí i John. Cé gur chaith sé cuid mhór dá shaol san Astráil, b’Éireannach a bhí ann amach is amach. Bhí cuid mhaith den teanga aige i gcónaí. Bheadh sé i gcónaí ag cuartú scéaltaí ón bhaile, go háirithe scéaltaí báis. Bhí “claim to fame” aige a raibh sé iontach bródúil as, ba sin go raibh sé i bPáirc Olympic Melbourne an lá céanna a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn ór sa rás míle i gcluichí Olympic 1956. Bhí mé ag caint le gairid lena iníon, Ma- rie agus dúirt sí liom gur athair grámhar, cineálta a bhí i John agus go raibh lúcháir an domhain air a gharchlann a fheiceáil ag fás aníos. Ba ghnách leis scéaltaí ó bhaile a insint dóibh go minic agus tá cuid den chlann ag pleanáil faoi láthair cuairt a thabhairt ar an sean tír. Bhí John ar dhuine de na daoine is deise a casadh orm ariamh. Bhí sé ina dhuine pléisiúrtha, taitneamhach, greannmhar, gealgháireach agus mar bharr ar achan rud bhí sé ina dhuine uasal. Fuair John bás ar 14 Samhain, 2001 agus tá sé curtha i reilig Fawkner i dtuaisceart Melbourne. Go ndéana Dia trócaire ar a anam. Séamas Ó Dochartaigh, Melbourne. John i lár, ar chúl nuair a bhí sé ag obair don Herald & Weekly Ar ais i nDumhaigh i 1980 lena dheirfiúr Máire agus lena dhá neacht, Geraldine agus Ann Marie.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3