Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 6 Ros na Binne Ar leanstan Teach Mháire Mhicí / Teach Mhicí ’ n Dochartaigh / Teach Pheter. Is dócha go dtiocfaí a rá gur baisteadh ceann de na hainmneacha seo ar an teach deireanach de na tithe coiteara i Ros na Binne ag am éigin le céad bliain, seo an teach deireanach os cionn an bhealaigh ar do bhealach amach as Ros na Binne. Ach is cinnte gur Teach Pheter a thugtar air anois. Nuair a tosaíodh ar thithe Ros na Binne a thógáil ag tús an chéid dheireanaigh bhí a hainm istigh ag Máire Bn. Uí Dhochartaigh as Ailt a ’ Chaorthainn, nó Máire Mhicí mar ab fhearr aithne uirthi, do cheann de na tithe seo. Casadh Máire orainn cheana fhéin nuair a bhí muid ag cur síos ar theach Stiofán Uí Shibhleáin. Bhí iníon Mháire Mhicí, sin Máire fosta, pósta ar Stephen. Rugadh Máire Mhicí, a bhí ina iníon ag Micheál Mac Giolla Chearra agus ag a bhean Madgie, in Ailt a ’ Chaorthainn timpeall na bliana 1860. D ’ imigh sí léithe go hAlbain ina bean óg, áit ar chas sí le Pat Doherty as Cockhill in aice le Bun Crancha agus pósadh iad thart fán bhliain 1886. Bhí Pat ag obair ar an bhóthar iarainn thall agus nuair nach raibh sé ach ina fhear óg maraíodh é go tubaisteach. Bhí Máire fágtha léi fhéin ansin le beirt clainne, iníon a raibh Máire uirthi a rugadh timpeall na bliana 1887 agus mac, a raibh Micí air, a rugadh dhá bhliain ina dhiaidh sin sa bhliain 1889. Cha raibh mórán fána gcoinne thall anois agus chuaigh a deartháir anonn as Ailt a ’ Chaorthainn agus thug í fhéin agus a beirt clainne, a bhí an - óg ag an am, anall ‘ na bhaile. Chuaigh sí a chónaí sa teach inár tógadh í ann, in Ailt a ’ Chaorthainn. Pósadh a hiníon Máire ar Stiofán Ó Sibhleáin sa bhliain 1910 agus rinne muid cur síos in eagrán eile ar an chlann mhór a thóg siad i Ros na Binne. Mar a luaigh mé chuir Máire Mhicí isteach ar cheann de na tithe i Ros na Binne agus cé go bhfuair sí ceann acu cha deachaigh sí a chónaí ann láithreach mar de réir daonáirimh na bliana 1911 bhí sí go fóill ina cónaí in Ailt a ’ Chaorthainn agus bhí an teach a fuair sí i Ros na Binne ina luí folamh. Ar chaoi ar bith, ag am éigin tháinig sí fhéin agus a beirt clainne go Ros na Binne agus nuair a tháinig, tugadh teach Mháire Mhicí ar an teach. Ba iascaire a bhí ina mac Micí agus is cinnte go raibh taithí mhór aige ar an fharraige mar gur chaith sé seal mar scipéir ar an ‘ Carrigart ’ agus tháinig sé fríd ceann de na tréimhsí ba mhó iascaireachta sna Dúnaibh ag tús an chéid dheireanaigh. Teach mór airneáil a bhí tigh Mháire Mhicí. Ba ghnách le hoíche bhreá chomhrá a bheith ag Micí ’ n Dochartaigh, Stephen, Pádraig Eoin Chonchúir, Micí Jimí agus Den Shíle. Is cinnte go mbeadh sé doiligh Stephen agus Pádraig Eoin Chonchúir a shárú nuair a bheadh greann, seallóga agus plácas le hinsint, agus is cinnte gur mhinic a dhéanadh siad seo mar go raibh na fir eile iontach dáiríre agus, de thairhbe sin, is cinnte go gcuirfeadh an chleasaíocht seo go mór le hoíche airneáil. Ba bhean a bhí i Máire Mhicí a raibh an tsláinte go maith aici agus thug sí aois mhór léithi, bhí sí na trí bliana déag agus ceithre scór nuair a fuair sí bás. Go deireadh a saoil bhí sí breá gníomhach, aici fhéin go maith agus ábalta a cuid fhéin a choinneáil leis an chuid ab fhearr acu. Fuair Micí ’ n Dochartaigh bás sa bhliain 1963 agus é ceithre bliana déag is trí scór agus mar a luaigh mé cheana féin chaith a sé a shaol ag iascaireacht. Nuair a thiocfadh scéala go raibh scadáin fairsing fá cheantar eile bhíodh Mící ar shiúl. Ní raibh mórán tithe fán cheantar san am sin a raibh fón iontu ach bhí ceann tigh Mháire Mhicí, ba seo fón an gharda cósta agus chaithfeadh an fón, de réir na gcoinníollacha, a bheith thuas staighre sa seomra codlata. Ba mhinic a théadh Máire, agus Máire Mhicí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3