Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 7 í isteach sna nochaidí, suas an staighre leis an fón a fhreagairt nuair nach mbeadh duine ar bith fá bhaile. Ar cheann de na laethanta seo a d ’ fhreagair sí an fón ba é an sagart Mac Eiteagáin a bhí ar an fón, é ag glaoch as Gaoth Dobhair le h - insint do Mhicí go raibh lear scadán fán Bhun Bheag. Ba seo rud a dhéanadh sé i gcónaí dá gcluinfeadh sé go raibh scadáin a ’ teacht i dtír. Bhí Micí ‘ n Dochartaigh amuigh sa chuibhreann, thóg a mháthair suas an fhuinneog agus scairt sí isteach air. Go díreach agus í réidh leis an fón a shíneadh chuig Micí, i ndiaidh dó a theacht is- teach sa tseomra, ar sise leis, ‘ Sin Sagart Antoin ar an fón, tá sé rá go bhfuil cuid mhór scadán fán Bhun Bheag. Nach bhfuil a dhath eile le dé- anamh aige? B ’ fhearr do ‘ bhfad a ghnoithe fhéin a choimhéad ’. Níor thaitin sé léithe go mbeadh Micí ag imeacht a ’ iascaireacht agus dár ndóighe chuala an sagart achan fhocal agus rinne sé a sháith gáirí. Mar a bhí coitianta ag an am tógadh beirt de chuid garpháistí Mháire, Johnny agus Peter Ó Sibhleáin sa teach seo fosta. Ba ghalfaire den scoith a bhí in Johnny agus d ’ oibrigh sé ar an chúr- sa gailf i gCarraig Airt go dtí gur imigh sé go Glaschú agus as sin go Londain áit ar chaith sé a shaol. Rugadh Peter sa bhliain 1933, an duine ab óige d ’ ochtar clainne. Chaith sé seal ar Scoil Cheann a ’ Leargaí go dtí gur druideadh í agus ansin d ’ aistrigh sé go Scoil Mhíobhaigh. D ’ fhan sé ar feadh tréimhse ag a chuid daoine muinteartha in Ailt a ’ Chaorthainn fhad is bhí sé ar Scoil Mhí- obhaigh. Chuaigh sé isteach i mbádchlós Mhíob- haigh mar phrintíseach i mí na Samhna na bliana 1950 agus cháiligh sé mar shaor báid cúig bliana ina dhiaidh sin. Neití Mac Laifeartaigh a bhí mar mhaoirseoir orthu agus bhí tuairim is an dáréag ag obair ann nuair a thosaigh sé, a leithéidí Chéarlaí Dhónall Beag, Hughie Fhánada agus Chéarlaí Mhichíl. Tamall i ndiaidh dó toiseacht tháinig James Ann agus Chéarlaí Bhidí Rua isteach agus de réir a chéile tháinig baicle de phrintísigh is- teach, ina measc bhí Jimí John Phaidí, Georgie Doherty, Liam Kelly, Antoin agus Dinis a ’ Táilliúir, Liam Kelly, Joe Quinn agus Micí ‘ Ac Clann Uí Shibhleáin Ó chlé, ar chúl tá Dónall, Máire, Mícheál, Aifric agus Stephen. I lár tá Nancy, Máire agus an babaí Máirtín, Peter, Noelle agus Olivia agus chun tosaigh tá Catríona agus Gráinne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3