Guth Ghoill, Eagrán 41

Eagrán 41 Aibreán 2012 8 Fhionnlaoch. Cúigear is fiche an líon is mó a bhí ar an fhoireann oibre ag aon am le linn dó a bheith ansin. Bhí na chéad bhádaí a tógadh ag Lag na hUillinne ina amsan leathchéad troigh ar fhad agus ansin tosaíodh ar bhádaí a thógáil a bhí sé troighe dé- ag agus daichead. Nuair a thosaigh sé mar phrintíseach cha raibh aige de pháighe ach na seacht scilling déag agus sé pingne agus ardú de leathchoróin, agus ansin de choróin le linn na mblianta go dtí gur cháiligh sé. Nuair a bhí sé cáilithe mar shaor báid bhí sé ag saothrú seacht bpunta sa tseachtain. Dúirt sé go raibh a chroí is- tigh sa tslí beatha a roghnaigh sé agus bhí a shli- ocht air mar gur fhág sé lorg a láimhe ar os cionn fiche leath - decker a thóg sé ag a bhádchlós fhéin, bádaí a rinne iascaireacht amach as achan phort agus achan oileán ar chósta Dhún na nGall. Níl seo ag cur san áireamh na bádaí a tógadh i mbádchlós Mhíobhaigh na blianta a chaith sé an- sin ó 1949 go 1963. Lena chois sin chaith sé cúpla bliain ag tógáil bád i Ramhros le Neití Mac Lai- feartaigh sular thosaigh sé a dtógáil in aice lena theach fhéin i 1971. Caithfear cur san áireamh fos- ta gur thóg sé bádaí beaga agus gur chuir sé bail ar bhádaí. Tá cuimhne aige go fóill ar an chéad leath - decker a thóg sé 1971, an Girl Aifric, bád a thóg sé do fhéin agus do John Lynagh. Tá cuimhne mhaith aige fosta ar an leath - decker a thóg sé i 1977, “ Morning Dew ”, bád a raibh deireadh leathan inti d ’ iascaire as Teidhleann. Fuair sé sásamh iontach as comh deas agus shuigh sí san uisce i ndiaidh dóibh í a lainseáil. Bhí dúil mhór ag Peter san fharraige agus san iascaireacht agus chaith sé neart séasúr ag iascaireacht bradán fosta le fear céile a dheirfiúr, Chéarlaí Bán. Sárpheileadóir a bhí in Peter fosta agus d ’ imir sé agus bhí sé mar chaiftín ar fhoireann na nDúnaibh idir na blianta 1955 agus 1962 agus le linn na mblianta sin, 1957, bhain na Dúnaibh craobh shóisir an Chontae. Nuair a nascadh le chéile na Dúnaibh, an Craoslach agus Dún Fionnachaidh mar Sheephaven Harps d ’ imir Peter dóibhsean fos- ta agus d ’ imir siad i gcraobh shinsir an Chontae ar feadh roinnt blianta. Pósadh Peter ar Mháire Ní Laighnigh as Umlach ar an tríú lá d ’ Aibreán 1961 agus dár ndóigh rinne siad a n - iubhaile órga a cheiliúradh anuraidh. An chloigeann déag de chlann a bhí acu: Micheál, Máire, Aifric, Dónal, Stephen, Nancy, an cúpla Cáitríona agus Gráinne, Olivia, Noelle agus Peter Martin, ach ar an drochuair fuair Peter Martin bás ina leanbh óg. Tá an chlann uilig socraithe agus ag obair fá bhaile ach amháin Aifric atá i mBéal Peter agus Máire lá a bpósta Sa phictiúr fosta tá Micí Stephen, deartháir Pheter agus Máire Ní Laighneach, col ceathrar do Mháire. Morning Dew Ag obair ar an bhád “ Maighre na Mara ” An Johnny Bán

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3