Guth Ghoill, Eagrán 41
Eagrán 41 Aibreán 2012 9 Feirste agus Noelle atá i Londain. Tá Peter beo beathach i gcónaí agus i mbarr a shláinte. Macasamhail a athair Stephen roimhe, is fear é atá lán grinn, fear a d ’ inseodh seallóg nó plácas duit agus é lán dáiríre ach thar aon ní eile is cuideachta iontach atá ann. Gura fada a mhairfeas sé ina shláinte agus lena ghreann. An Wasp Chuir an píosa a scríobh Caoimhín Mac a’ Bháird (mo chomharsa béal dorais nuair a bhí cónaí ar mo thuismitheoirí sa seanteach i Leargan Riabhach) i gcuimhne domh an lá a tháinig Páidí Shearlaí Cearraí isteach tí s’againne ag cuartú m’athair Jack Mac Pháidín. Go ndéana Dia trócaire ar an bheirt acu. Bhí seanphíosa d’adhmad lofa ina láimh aige ar a raibh píosa copair greamaithe le tairní leis an ainm “HMS WASP” péinteáilte air. Dúirt Páidí go bhfuair sé é i ndíog thíos ag an Pholl Gorm nuair a bhí sé ag cuartú éadála (driftwood). Thug sé é do m’athair agus chuir seisean snas air. Fuair sé píosa deas mahagaine dó agus chroch sé suas ar an bhalla é. Tá sé anois ar crochadh go fóill taobh istigh den doras sa teach úr ina bhfuil mo mháthair Caitlín ina cónaí. Déarfainn gur tháinig níos mó ná ainmchlár an Wasp isteach leis an taoide thíos ag an Pholl Gorm. Bheadh an soitheach sin déanta d’adhmad galánta agus b’fhéidir go raibh cúpla teach thíos fá Dhum- haigh agus fá Dhoire a’Chasáin a raibh táblaí agus cathaoireacha ar dóigh acu. Sin nó go raibh tine bhreá ag bunadh na háite nuair a thagadh na comharsana isteach san oíche ag airneáil! Máirín de Búrca Droichead Átha. Ag ceiliúradh 50 bliain pósta Cóisir Lá Breithe i Ros na Binne Sa phictiúr thuas ó chlé, ar chúl tá Jane Talbóid, Danny Talbóid, Máire Ní Shibhleáin, Aifric Ní Shibhleáin, Bríd Nic Laifeartaigh agus Dónall Ó Sibhleáin. Chun tosaigh tá Lisa Talbóid, Bernadette Nic Úistín, Catherine De Búrca, Teresa Marie Nic Úistín, Cathleen Nic Úistín agus Stiofán Ó Sibhleáin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3