Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 10 an ghriain a fhad léithe mórán sa Gheimhreadh, ba ghnách le doimhneacht d’oighreog a bheith uirthi le linn tréimhsí de shiocán trom. Bhí scéal a chuala mé le linn m’óige faoin loch mór agus an oighreog. Tá áit os cionn tigh Mhící John i nGort na Luchóg a dtugtar ‘Colainn gan Ceann’ uirthi. Nuair a rinne mé an t-ainm seo a cheistiú agus mé mo ghasúr, hinsíodh domh faoin fhear a chuaigh amach ar an Loch Mór le linn di a bheith faoi chlúdach oighreoige. Bhris an oighreog faoina chosa, cailleadh é faoin oighreog agus bádh é. Ní rabhthas ábalta a theacht ar an chorp go dtí gur bhisigh an aimsir agus gur leáigh an oighreog. Nuair a tharla seo fuarthas an corp ach cha raibh cloigeann ar bith air. Bhí an oighreog comh tiubh agus comh géar sin gur gearradh an ceann de nuair a thit se fríd an oighreog. Cuireadh é san áit a dtugtar ‘Colainn gan Ceann’ air. Níl fianaise ar bith gur tharla a leithéid ná eolas ar bith faoi cárbh as an fear ach nach haisteach é a leithéid d’ainm a bheith ar áit. B’fhéidir gur hinsíodh an scéal sin le heagla a chur ar pháistí agus iad a choinneáil ar shiúl ón Loch Mór ach maireann an t- ainm ‘Colainn gan Ceann’ go dtí an lá inniu. Macasamhail an ‘Murder Hole’ níl mórán eolais againn faoi cén bunús atá leis na hainmneacha seo. Má shiúlann tú thart fá imeall an locha, ar thaobh na farraige, bhéarfaidh tú faoi deara lorg na seanbhallóg. Bhí teach anseo tráth den tsaol agus ní amháin go raibh teach ann ach bhí siopa sa teach céanna. Ba anseo a bhí cónaí ar Bhidí Nic Giolla Bhríde nó Bidí Phaidí Óig mar ab fhearr aithne ar an teaghlach seo. Bhí deirfiúr ag Bidí a bhí pósta thall i nDumhach Beag i bhFánaid ar fhear de chlann Mhic a’tSaoir agus tháinig a mac James anall agus ba eisean a chur an siopa ar bun in aice an locha. Tá mé cinnte nach raibh mórán siopaí éadaigh san Íochtar fán am sin, bhuel bhí ceann ar thaobh an locha ar an Mheall Mhór, tigh Bhidí Phaidí Óig, a bhí a reáchtáil ag James Mac a’tSaoir. Caithfidhse go bhfaca sé riachtanas de shórt éigin fán cheantar maidir le stíl éadaigh de, go háirithe i measc na mban, nuair a d’éirigh leis siopa rathúil a reáchtáil ar shuíomh a bhí chomh hiargúlta agus chomh scoite amach sin. Ba ghnách leis aghaidh a thabhairt ar chathair Ghlaschú achan mhí leis an éadach a cheannacht. Shiúladh sé go Rath Mhaoláin, gheobhadh sé an bád farantóireachta (ferry) as sin go Fahan, traein go Doire agus trasna ar an bhád. Dhéanadh sé an turas céanna ‘na bhaile ach bheadh dhá bhraillín lán d’éadach agus de bhróga leis, lán braillíne ar achan ghualainn leis, ag teacht ‘na bhaile dó. Rachadh an scéala amach ansin go raibh lód eile d’éadach tagtha go siopa Mhac a’tSaoir agus dheamhan i bhfad go mbeadh na scaiftí de chailíní óga, ó achan chearn den pharóiste agus as Fánaid, ag tarraingt ar an tsiopa. Cha raibh bealach ceart déanta go dtí an Mheall Mhór ag an am agus ba ghnách le daoine a gcuid rothar a fhágáil ar thaobh an bhealaigh agus siúl amach Cnoc a’Staighre, sin an cnoc sin ar chúl tigh Mhicí John agus ansin síos Cnoc a’Dochartaigh. Bhí ráchairt mhór ar bhlúsanna agus ar bhróga ag an am agus rinne James cinnte go raibh mná an cheantair ag caitheamh an stíl ba nua- aimsearthaí d’éadach agus de bhróga. Ba ghnách leis na mná a gcuid bróg úr a iompar i málaí agus ansin na seanbhróga a chaitheamh díobh fhéin agus na bróga úra a chur orthu sula dtéadh siad isteach ag Aifreann nó isteach i halla damhsa. Cha raibh na bróga úra seo fóirsteanach do na bealtaí nó na casáin gharbha a bhí thart anseo agus chaithfeadh na bróga úra mairstin tamall. Bíonn cuid mhór cainte sa lá atá inniu ann faoi ‘entrepreneurs’, bhuel is cinnte go dtiocfaí James Mac A’tSaoir a chur isteach sa chuideachta sin. Dá mbeadh sé beo le linn ré an Tíogair Cheiltigh dhéanfadh sé a shaibhreas. D’imigh James ar ais go Dumhach Beag ag deireadh a shaoil agus fuair sé bás thall.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3