Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 11 Féile Náisiúnta Drámaíochta 2012 i Ros Goill. Tháinig aisteoirí ó achan chearn den tír go dtí Na Dúnaibh don Fhéile Náisiúnta Drámaíochta a bhí ar siúl anseo i mí na Bealtaine. Le tús a chur leis na himeachtaí, rinne Raidió na Gaeltachta “ Barrscéalta ” a chraoladh beo ó oifig Chéim Aniar ar an Déardaoin, 3 Bealtaine. Bhain an lucht éis- teachta sult mór as an chaint a thug Mícheál Mac Giolla Easbuic, Uachtarán an Oireachtais, faoi “ Sábháil na hOidhreachta ” oíche Déardaoin in Óstán na Trá agus leoga as na seanscéalta a bhí a insint ina dhiaidh sin. Rinne Colm Ó Baoill ó Fhoras na Gaeilge an Ar chúl, ó chlé tá: Aodh Mac Laifeartaigh, Seán Ó Morónaigh (Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta), Finghin Mac Laifeartaigh, Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Seán Mac Laifeartaigh, Daragh Mac Laifeartaigh, Caoimhín Mac a ’ Bháird, Seán Mac Giolla Bhríde, Ailín Pasoma, Ruaidhrí Mac Conaglaigh, Seosamh Ó Cuilinn agus Antáin Mac Giolla Bhríde. Chun tosaigh tá an moltóir, Máirtín Mac Donnchadha, Proinsias Ó Cuilinn, Fíona Pasoma agus Seán Ó Dochartaigh. Peigí Ryder (Cathaoirleach Céim Aniar) agus Mícheál Mac Giolla Easbuic ag an ócáid in Óstán na Trá An clár “ Barrscéalta ” a craoladh beo ó oifig Céim Aniar.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3