Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 12 fhéile a oscailt go hoifigiúil i gColáiste Ros Goill oíche Dé hAoine agus bhí an halla plódaithe nuair a chuaigh Aisteoirí Mhíobhaigh ar an ardán leis an dráma úrscríofa “ Taibhsí na nGael ”, le Proinsias Ó Cuilinn. Tá an dráma seo suite sna blianta 1609 - 1611. Tharla Teitheadh na nIarlaí i 1607 agus anois tá Plandáil Uladh faoi lánseoil. Troideann Clann Uí Néill na Speiríní go cróga le seilbh a choinneáil ar a gcuid tailte ach faightear an bhuaidh orthu. Ansin teitheann siad go Tír Chonaill, áit a bhfaigheann siad drocham ón Tiarna Talún, Colm Ó Domhnaill, atá muinteartha dóibh. Fear é a thiontaigh ón chreideamh Caitliceach. Is duine gan trócaire, gan trua é agus é ina ghortachán santach. Tá sé soiléir go bhfuil a choinsias ag cur isteach air agus tá eagla air roimh an domhan neamhshaolta. Tagann taibhse chuige ar lorg díoltais sa tríú radharc agus caithfidh Colm cinneadh mór a dhéanamh faoina shaol. Cuireadh cúig dhráma eile i láthair i gColáiste Ros Goill thar an deireadh seachtaine - “ Magadh fé Mhagadh ”, cóiriú le hAisteoirí Bhréanainn ar “ An Béal Bocht ” a léirigh Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí; Scéaldráma “ Dúthaigh Sheoigheach ” le Peadar Ó Díreáin a léirigh Aisteoirí Chorr na Móna, Co. na Gaillimhe; agus “ An Teach Mór ” dráma de chuid Phroinsias Uí Cuilinn a léirigh Aisteoirí Charn Tóchair, Co. Dhoire ar an Satharn agus ansin ar an Domhnach chuir Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach an dráma “ Bidín ” le Pádraig Standún ar an ardán agus chuir Aisteoirí Mhic Easmuinn, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe dráma eile de chuid Phroinsias Uí Chuilinn, “ Díoltas an tSaoil ” i láthair. Craoladh Aifreann na Féile beo ar Raidió na Gaeltachta ó Theach Pobail Realt na Mara, sna Dúnaibh ar an Domhnach. Ár mbuiochas leis an Athar Cathal Ó Beirn S.P. a rinne an tAifreann a chéiliúradh agus leis an chór de thairbhe an cheoil ar leith a chur siad ar fáil. Ba é Máirtín Mac Donnchadha a rinne moltóireacht ar an fhéile agus rinne Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich na gradaim a bhronnadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Rinneadh an ócáid seo a chraoladh beo ar Ráidió na Gaeltachta fosta. Bhí Aisteoirí Mhíobhaigh thar a bheith sásta gur bhain siad trí ghradam ag an fhéile. Beidh deis ag muintir na háite an dráma seo a fheiceáil arís i gColáiste Ros Goill ar an Luan 23 Iúil ag a hocht a chlog. Thug na cuairteoirí moladh mór d ’ áilleacht an cheantair agus do chairdiúlacht agus do fhlaithiúlacht mhuintir na háite agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le achan duine a chuidigh le Céim Aniar le linn na Féile agus do bhunadh an cheantair a chur fearadh na fáilte roimh ár gcuairteoirí. Máire Uí Chléide i mbun oibre ar chúl stáitse. Daragh Mac Laifeartaigh agus Fíona Pasoma sa dráma “ Taibhsí na nGael ” Proinsias Ó Cuilinn agus Proinsí Mac Giolla Bhríde i mbun scéalaíochta in Óstán na Trá. An Tiarna Talún

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3