Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 13 Feadaímó Tá Feadaímó agus na boic eile i ndiaidh éalú ó chathair Dhoire, áit a raibh Domhnall mar phríosúnach ag an Choirnéal Albertson. Ghlac siad seilbh ar bhád seoil a bhí ag na saighdiúirí agus tá siad faoi láthair ar an Fheabhail ag seoladh ó dheas. Tá an lá geal ann agus tá scuad dragúin ar an bhruach thoir ag leanstan á dturais ach tá siad ag titim chun deiridh mar nach rabhthas ábalta mórán dul chun cinn a dhéanamh de thairbhe chomh míchothrom agus a bhí an talamh. Mharaigh Domhnall an Coirnéal sula deachaigh siad ar an bhád agus anois níl saighdiúir fán cheantar nach bhfuil sa tóir orthu. Tá Tuathal ar an mhaide stiúrach agus tá Páidí ag obair ar an seol leis an bheirt mhairnéalach a choinnigh siad ar an bhád. Scaoileadh Seán sa chos agus iad ag teitheadh agus tá Domhnall agus Éamonn ag obair ar an ghoin. Dhoirt Domhnall brandaí ar an chos agus lig Seán scread mhillteanach as agus rinne sé iarracht briseadh ar shiúl ach choinnigh Éamonn greim teann air. Sheas Domhnall agus thaispeáin sé an piléar do Sheán. “ Tá seans maith agat anois do chos a choinneáil, a Sheáin. Níl cnámha ar bith briste agus ba chóir go dtiocfadh biseach anois air leis an luaidhe seo amuigh. ” Labhair Seán agus pian ina ghlór. “ Maith sibh, ach char mhaith liom go mbeadh orm a leithéid de phian a fhulaingt arís. ” Bhí Feadaímó ina sheasamh in aice le Tuathal agus é ag coinneáil súil ghéar chun deiridh. Bhí rud amháin ag cur isteach air ach char labhair sé faoi. Nuair a chuaigh siad ar an chéad bhád aréir chur sé ceist faoin Choirnéal agus nuair a fuair sé amach gur scaoileadh é bhí eagla air ceist a chur fá Shíle. Cha raibh a fhios aige cé acu beo ná marbh í. Más beo a bhí sí tharraingeodh sí trioblóid mhór anuas ar mhuintir s ’ aige sa bhaile. Bhí air fáil amach. “ A Dhomhnaill, ” a dúirt sé, “ cad é a tharla do Shíle aréir? “ Bhí a fhios agam go mbeadh an cheist sin ag teacht, ” arsa Domhnall. “ Níl a fhios agam an scéal maith nó scéal olc atá agam duit, ach tá sí marbh. ” “ Scaoil tú í? ” arsa Feadaímó agus fearg ina ghlór. “ Cha dear mé, ” arsa Domhnall, “ ach caithfidh mé a rá go raibh sé ar intinn agam. Dá bhfaigheadh sí deis de shórt ar bith scaoilfeadh sí an scéal uilig uaithi agus bheadhas muid uilig san fhaopach. Bhí an t - ádh linn, a ghasúir, gur scaoil duine de na saighdiúirí í sa dorchadas. Ná lig dó cur isteach ort, a Fheadaímó. Bheadh ort fhéin sin a dhéanamh cibé. ” “ Cha ndéanfainnse é, ” arsa Feadaímó. “ Nach ndéanfá? ” arsa Domhnall, “ agus cad é a bhí tú dul a dhéanamh léi? An raibh tú chun í a thabhairt leat go Meiriceá? Amaidí! Bhí nimh ina croí aici duit, go háirithe nuair a chur tú a hathair ar long na Sasanach. An raibh tú chun do theaghlach a chur i gcontúirt ar mhaithe leis an bhean sin? ” Thiontaigh Feadaímó uaidh. Bhí a fhios aige go raibh an ceart ag Domhnall. Í fhéin a rinne na cinnithe a d ’ fhág í ina luí fuar. Bhris Tuathal isteach ar a chuid smaointe le scread. “ Amharcaigí, tá dhá bhád seoil sa tóir orainn. ” D ’ amharc siad uilig sa treo ina raibh a mhéar dírithe. “ Chan fheicimse rud ar bith, ” arsa Domhnall. “ Tchímse iad, ” arsa Feadaímó, thig leat na seolta a fheiceáil ar íor na spéire. ” Chuaigh achan duine i gceann cainte ag an am amháin. “ Socraígí, ” arsa Feadaímó, “ tá siad rófhada ar shiúl le bheith ina chontúirt againn. Tá bád s ’ againn fhéin chomh gasta le rud ar bith atá acusan. Le sin chuala siad Seán ag béiceach. “ Coimhéad, a fheara. ” Thiontaigh siad agus chonaic siad an mairnéalach is sine ag scaoileadh rópa agus é ag scairteadh leis an mhairnéalach eile. “ Loosen the mainstay, Micí, smartly now, ” ach char bhog an fear eile. Thit an ghaoth as an seol agus léim Feadaímó chun tosaigh. Thóg sé an chéad mhairnéalach agus chaith sé é amach as an bhád. Lig sé scread mhillteanach as fhéin sular bhuail se an t - uisce. Bhí greim ag Domhnall agus ag Éamonn ar an mhairnéalach eile agus shiúil Feadaímó ina threo. “ Bhail, a Mhicí, ” a dúirt sé, “ I hope you can swim. ” “ Tá snámh agamsa, ” arsa Micí, ach cha raibh snámh ar bith ag Richie bocht. ” D ’ amharc Feadaímó thar an taobh ach cha raibh iomrá ar bith ar an mhairnéalach eile. “ Shílfeá go mbeadh múineadh ar fhear nach raibh snámh aige is é amuigh ar bhád, ” arsa Feadaímó. “ Tá snámh agus Gaeilge agatsa, a Mhicí. Cé thú agus cad chuige an bhfuil tú ag troid in éadan do mhuintire fhéin? ” “ As Bun an Phobail mé, tá sé tuairim is fiche míle ó thuaidh as seo ar an taobh eile den chuan. Tógadh mé fhéin is mo dheartháir amach as bád iascaireachta cúig bliana ó shin agus cuireadh muid ar long chogaidh de chuid na Sasanach. Maraíodh mo dheartháir ach shíl me fhéin go ligfí saor mé nuair a fuair siad an bhuaidh ar Napoleon. Chan amhlaidh a bhí. Bhuail mé cnag ar Chaptaen lá amháin agus tugadh rogha domh - fanacht ar na bádaí nó dul amach go dtí ’ n Astráil. ” “ Agus cad é do rogha anois? ” arsa Domhnall. Bheir Micí ar an rópa agus tharraing sé é teann. “ Cuidigh liom seo a cheangal ar ais nó cha bhíonn an darna rogha ag duine ar bith againn, ” a dúirt sé. Chuidigh Feadaímó agus Éamonn leis agus roimh i bhfad bhí an seol ag tógáil gaoithe. “ Munar mhiste libhse, a fheara, ” arsa Micí, “ sílim go bhfuil mo sháith de chabhlach an Rí agamsa agus ba mhaith liom saol de mo chuid fhéin a bheith agam. Cha dtig liom dul abhaile ach tá neart long thíos i nGaillimh, ag dul anonn is anall go Meiriceá, a mbeadh lúcháir orthu mairnéalach de mo leithéidse a fheiceáil. ” D ’ amharc Feadaímó air, “ tá sin suimiúil, ” arsa seisean. “ Tá mé fhéin ag iarraidh dul go Meiriceá. Má fhaigheann muid réitithe de na saighdiúirí b ’ fhéidir go rachainn go Gaillimh leat. ” “ Beidh fáilte romhat, ach beidh orainn a bheith cúramach. Chuala mé sibh ag caint agus má tá sé fíor gur mharaigh sibh Coirnéal,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3