Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 14 gan trácht ar na saighdiúirí agus na mairnéalaigh a chur sibh faoin fhód, beidh na hÚdaráis ar fud na tíre bhur gcuardach. ” “ Char dúirt mé go mbeadh sé furasta, ” arsa Feadaímó, “ ach gheobhaidh muid réiteach ar an cheist nuair a thagann muid a fhad leis. ” Bhí casadh san abhann cúpla céad slat ó dheas uathu agus d ’ iarr Feadaímó ar Thuathal an bád a stiúradh i dtreo an bhruaigh thiar. D ’ amharc sé chun deiridh agus chonaic sé nach raibh na bádaí eile a dhath níos cóngaraí dóibh. “ Nuair atá muid as radharc cuirfidh mé sibhse isteach ar an bhruach. Thig libh dul i bhfolach agus coinneoidh mise is Micí ag dul ó dheas leis an bhád. Déanaigí réidh anois. ” “ Tá rud anseo a chuideoidh libh an fear gortaithe a iompair thart, ” arsa Micí, agus chuaigh sé isteach sa chábán. Bhí siad uilig ag ullmhú don turas a bhí rompu nuair a tháinig Micí ar ais agus leaba luascáin agus dhá rámha ina lámha. Cheangal sé na rámhaí don leaba agus chuidigh Domhnall leis Seán a chur ina luí air. Ghlac Feadaímó an maide stiúrach ó Thuathal agus nuair a chuaigh siad thart an coirnéal scaoil Micí an ghaoth as na seolta agus chuir Feadaímó an bád isteach teann leis an bhruach. Léim siad uilig amach agus shín Feadaímó Seán chucu. “ Níl a fhios agam cad é le rá leat, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall. “ Níl faill againn a dhath a rá anois, ” arsa Feadaímó. “ Coinnígí i bhfolach tamall go dtí go dtéann na bádaí thar an phointe seo. Ghlacfaidh muidinne ár n - am sa dóigh is go mbeidh radharc maith acu orainn. Slán, a fheara, agus ádh mór. ” “ Ní dhéanfaidh muid dearmad duit, a Fheadaímó, ” arsa Domhnall, “ agus má fhaighimse deis de shórt ar bith buailfidh mé le do mhuintir le hinsint dófa go bhfuil tú i gceart. ” “ Má fhanann muid anseo i bhfad eile, ” arsa Feadaímó, “ cha bhíonn duine ar bith againn i gceart. ” Cheangail Micí rópa an tseoil arís agus rinne Feadaímó an bád a stiúradh amach ón bhruach. Scairt siad uilig slán leis agus iad istigh i measc na gcrann. Sheol siad leo ó dheas in éadan an tsrutha agus an dá bhád eile á leanstan. I bhfad chun deiridh orthu ar an bhruach thoir chonaic siad na dragúin ach bhí a fhios ag Feadaímó go raibh siad sábháilte a fhad is go raibh anáil gaoithe acu. “ Beidh dragúin ar an taobh thiar fán am seo, ” arsa Micí. “ Tá shúil agam go mbeidh do chuid cairde ábalta iad a sheachaint. ” “ Chan amadáin ar bith iad, ” arsa Feadaímó, “ ach cha chuidíonn sé leo go bhfuil Seán gortaithe. Sin ráite, tá airgead acu agus beidh siad ábalta capaill a cheannacht. Tá aithne ag Domhnall ar na feirmeoirí uilig thart fá seo is bheinn sásta go leor go bhfaighidh siad an cuidiú ceart. ” D ’ amharc sé chun deiridh arís agus ansin ar an ghrian. “ Tá na bádaí sin cóngarach go leor dúinn, ” a Mhicí. Déan an seol sin a theannadh anois. Rachaidh muid píosa eile ach caith- fidh muid an bád seo a fhágáil roimh i bhfad. Tá na bruacha ag teannadh ar a cheile más faide ó dheas a thé- ann muid. ” D ’ amharc Micí air. “ Dá dtiocfadh linn coinneáil ag dul b ’ fhéidir míle eile. Tá abhainn eile a thagann isteach san Fheabhail agus b ’ fhéidir go mbeadh deis againn éalú uathu ansin. ” “ Obair leat, ” arsa Feadaímó, “ tá go leor ama againn míle eile a chur fúinn. ” “ Tá shúil agam, ” arsa Micí, “ tá an abhainn ag cailleadh doimhneachta más faide ó dheas a théann muid. ” Bhí casadh eile san abhainn agus d ’ inis Micí d ’ Fheadaímó a bheith réidh le tiontú siar. “ Seo anois é, ” a dúirt sé, agus tharraing sé ar rópa an tseoil. Cha raibh an sruth chomh láidir san abhainn seo agus rinne siad dul chun cinn maith. “ Má tá an t - ádh linn ba chóir go mbeadh na Sasanaigh caillte againn, ” arsa Micí. “ Ádh? ” arsa Feadaímó, “ cha raibh luath leathphingin d ’ ádh ormsa ó thosaigh mé le Domhnall. Idir gha- daithe agus saighdiúirí cha raibh uair faoisimh agam. Chaill muid Colm bocht, tá Seán gortaithe agus má bhéarfar orm ní fheicfidh mé an mhaidin. ” Le sin stad an bád go tobann. “ Tá muid greamaithe, ” arsa Micí. “ Níl doimhneacht go leor againn. Cad é sin a bhí tú ag rá fá ádh, a Fheadaímó? ” Thóg Feadaímó a ghunna agus a mhála agus léim sé amach as an bhád. “ Má tá tusa ag iarraidh fanacht anseo a Mhicí, déan sin. Cha dtig leo locht ar bith a chur ortsa. ” “ Amaidí, ” arsa Micí, “ imigh thusa leat, cha bhímse i bhfad i do dhi- aidh. ” Chuaigh Feadaímó siar i dtreo coille agus é ar fáire i rith an bhealaigh. Bhí sé istigh i lár an Lagáin agus bhí an talamh breá saibhir. Chonaic sé ba agus capaill go tiubh sna cuibhrinn agus an féar glas leath- bealaigh suas ar na cosa orthu. Bhí fir i bpáirceanna eile ag baint féir le corráin. B ’ fhéidir fiche acu sa pháirc amháin. Tháinig aoibh gháire ar aghaidh Fheadaímó agus é ag smaoineamh ar an difir idir an talamh seo agus an talamh lom carraigeach a bhí ag a mhuintir fhéin cois farraige. Shuigh sé tamall i lár na gcrann sa choill agus tháinig Micí a fhad leis ag iompar mála agus cúpla ceann de na leapacha luascáin. Shín sé ceann acu chuig Feadaímó. “ Cuir sin i do mhála, a chara, beidh sé de dhíth ort sula bhfeiceann tú Cuan na Gaillimhe. ” “ Caithfidh muid a bheith cúramach, ” arsa Feadaímó, “ tá lear daoine sna cuibhrinn thart orainn agus cha dtig linn aird a tharraing orainn fhéin. ” “ Bheadhas muid sábháilte go leor anseo is dóiche, ” arsa Micí, ach má thagann na saighdiúirí ar an bhád is é seo an chéad áit a chuardóidh siad. ” “ Tá díog ag bun an chuibhrinn sin thall, ” arsa Feadaímó, “ agus téann sé a fhad leis an scioból mhór sin. Thiocfadh linn seall a chaitheamh ansin agus bheadh radharc maith againn ar an abhainn agus ar an tír uilig. ” “ Maith go leor, ” arsa Micí, “ tá sé go réidh againn na bonnaí a bhaint as. ” Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3