Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 3 An Gréasaí. Pádraig Mac Giolla Bhríde. (Pat Dhonchaidh Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir). Rugadh Pat an Gréasaí, Pat Dhonchaidh Shéarlaí, nó lena ainm oifigiúil a thabhairt dó, Pádraig Mac Giolla Bhríde, in Albain sa bhliain 1905, mac le Donchadh Mac Giolla Bhríde, Donchadh Shéarlaí Dhonchaidh Mhóir as Doire a ’ Chasáin, a rugadh timpeall na bli- ana 1869 agus Gracie Nic Giolla Bhríde, Gracie Phaidí Róise as Doire a ’ Chasáin (faoin bhinn), a rugadh timpeall na bliana 1880. Pósadh iad timpeall na bliana 1900. Ceathrar clainne a bhí acu, Sissy, Maryanne, Pat agus Chéarlaí. Ba Sissy an duine ba sine acu agus rugadh í sa bhaile. Am inteacht i ndiaidh 1902 d ’ imigh siad go hAlbain agus ba ansin a rugadh Maryanne agus Pat. Ar an drochuair fuair Gracie bás, agus gan í ach deich mbliana agus fiche, sa bhliain 1910 agus í ag tabhairt duine eile clainne ‘ un tsaoil. Cúig bliana d ’ aois a bhí Pat san am sin. Bhí sé mar ghnás ag an am ina leithéid de chás an chlann a thabhairt do chuid de na daoine muinteartha le tógáil. Na seantuismitheoirí faoin bhinn a thóg Sissy, ba sin Máire agus Pádraig. Cuireadh Maryanne go Dumhaigh chuig a haintín Máire a bhí pósta ar Hughie Den (Mac Laifeartaigh). Ba ag aintín eile leo i nDumhaigh a chuaigh Chéarlaí, ba sin Bríd Fhearghal a bhí pósta ar John Fhearghal (Mac Pháidín). Ba Chéarlaí an duine ab óige, bhí sé dhá bhliain ag an am. D ’ fhan Pat lena athair i nDoire a ’ Chasáin. Bhí athair Phat, Donchadh Shéarlaí ina ghréasaí fosta. D ’ fhoghlaim sé a cheird thiar i nDún Fionnachaidh ag gréasaí a raibh Mac a ’ tSaoir air. Bhí cúpla printíseach eile thiar aige fosta. Trí bliana a bhí acu le cur isteach mar phrintísigh lena gceird a fhoghlaim agus Donnchadh, Gracie, Maryanne agus Pat i nGlaschú. Donchadh Shéarlaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3