Guth Ghoill, Eagrán 42
Eagrán 42 Meitheamh 2012 4 dár ndóigh cha raibh leathphingin rua le saothrú agus tú i do phrintíseach. Nuair a bhí a gcuid ama istigh agus a gceird foghlamtha acu thug siad a n - aghaidh ar Albain agus bhí teach gréasaíochta acu i nGlaschú. Ach shocraigh Donchadh, a bhean agus a chlann a theacht ‘ na bhaile. Bhí scoil úr i nDoire a ’ Chasáin agus bhí an tseanscoil le díol. Cheannaigh siad an tseanscoil ar £57 agus chuaigh sé i gcionn oibre. Is dócha gur pingin mheasartha a bhí ansin ag tús an chéid dheireanaí. Thosaigh Pat ag obair mar phrintíseach lena athair, i ndiaidh dó an scoil a fhágáil, bheadh seo timpeall 1919 agus fán bhliain 1922 agus a cheird foghlamtha aige chuaigh sé fhéin agus a athair i mbun oibre faoin díon amháin. Fuair Donchadh Shéarlaí bás sa bhliain 1952 agus as sin amach bhí Pat ar a chuid fhéin. Rinne Pat a lá oibre deireanach mar ghréasaí ar an lá deireanach de mhí Eanáir 1980 i ndiaidh dó ocht mbliana déag agus daichead a chaitheamh ag gabháil don cheird. Cha dtiocfaí a bheith ina dhiaidh sin air mar bhí, mar a dúirt sé fhéin, an obair ag éirí róthrom dó. In agallamh le Feardorcha Ó Colla ar Raidió na Gaeltachta i mí Feabhra na bliana 1980 rinne Pat cur síos ar shaol an ghréasaí agus na hathruithe móra a thit amach le linn dó a bheith ag saothrú a choda mar ghréasaí. Tháinig athrú mór ar achan dóigh ar an cheird le linn na n - ocht mbliana déag agus daichead sin — san am ar thosaigh sé gheofá sáil ar dhá thuistín (8d) nó ar scilling agus leathbhonnaí ar thrí agus sé pingne (3/6). Fán am ar éirigh sé as, cé nach an luach amháin a bhainfí amach achan áit, chosnódh sé £5 bonnaí agus sála leathair a chur ar bhróga sa bhaile mhór. Chosnódh sála mná an punt agus sála fir punt agus deich scillinge. Cha ndíolfadh sé é sna bliantaí deireanacha a bheith ag cur sáltaí ar bhróga de thairbhe é a bheith ag obair ar an seandóigh, ina shuí ag obair le sceana agus meanaí, cha raibh an dóigh seo tapaigh go leor fá choinne airgid a thabhairt isteach. Dúirt sé go gcaithfeá an gléas agus na huirlisí cearta a bheith agat le hairgead maith a dhéanamh, ‘ sé sin go gcaithfeadh sé infheistíocht a dhéanamh in innealra agus teicneolaíocht nua - aimseartha An Siopa Gréasaíochta i nGlaschú
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3