Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 5 agus char bhuair sé fhéin ariamh leis sin, d ’ fhan sé leis an seandóigh i gcónaí. Dúirt sé go dtiocfadh leat bonnaí agus sála a chur ar chúig phéire bróg sa lá ach go mbeadh sin ag brath ar an staid a mbeadh na bróga ann, cad é chomh caite is a bheadh siad. Mar sin de, bhí an méid bróg a thiocfadh leat a chóiriú sa lá ag brath ar cad é an cineál bail a bhí orthu. Corruair, b ’ fhéidir go mbeadh cuid mhór oibre le déanamh ar na bróga sula gcuirfí bonnaí nó sála orthu, b ’ fhéidir go mbeadh an tsáil le tógáil. Char shíl Pat go raibh a dhath sócúlach faoi shaol an ghréasaí, bhí sé maslach go leor in amanna, agus fosta nach raibh a dhath folláin fá dtaobh de ach oiread, bheith i do shuí ansin ar feadh ocht nó naoi n - uaire achan lá. a thosaigh sé ar a cheird agus ba mhinic páistí ag dul thart costarnocht, go háirithe sa tSamhradh. Lena chois sin choinnigh daoine bróga ar feadh tréimhsí fada agus de thairbhe sin ba mhinic a dhéantaí iad a chóiriú. Choinneodh an tseanmhuintir na bróga ar feadh roinnt mhaith blianta, gheobhadh siad péire úr déanta agus ba mhian leo na bróga sin mairstin dóibh sé nó seacht de bhlianta agus ba mhinic a mhairfeadh siad an fhad sín dóibh mar go gcoinneodh siad ag cóiriú leofa orthu. Sa tseanam cha bheadh ach an dá phéire bróga ag daoine ach le traidhfil de bhlianta dúirt sé go raibh trí agus ceithre phéire bróg ag daoine, sin ceann de na hathruithe móra a tháinig. Dúirt Pat go dtáinig an t - athrú ba mhó dósan sna fiche bliain dheireanach a d ’ oibrigh sé agus ‘ sé an chúis a bhí le seo ná go raibh bróga breá saor le ceannacht agus nach rabhthar a gcóiriú. Cha raibh an chuid ab fhearr d ’ ábhar ag dul isteach iontu, baineadh úsáid as rubar in áit an leathair agus cha rabhthar ag cóiriú na mbróg. Ansin thosaigh luach na mbróg a dhul suas agus thosaigh daoine a gcóiriú arís. Bhí daoine ag tiontú arís ar an leathair, ba mhian leis an chuid ba mhó acu leathar a fháil ach go raibh sé róchostasach — bhí leathar dúbailt an chostais a bhainfí amach ar rubar. Ag Déanamh na mBróg. Ba ghnách le Pat agus lena athair bróga a dhéanamh roimh an chogadh dheireanach ach stad siad de ina dhiaidh sin. Bhí obair mhór i ndéanamh péire bróg, bhí sé mar pháirt den cheird agus bhí lear scile ag baint leis. B ’ éigean an fhuáil uilig ar bhróga troma a dhéanamh leis na lámha ach dá mba bróga éadroime a bhíothas a dhéanamh thiocfaí úsáid a bhaint as an inneall fuála. Cha raibh bróga troma ar bith a n - úsáid níos mó, sin na bróga ar ghnáth na tairní a bheith iontu agus pláta ag a mbarr - an ‘ toe - plate ’. D ’ imigh siad sin as faisean. Cha raibh siad le fáil mar nach raibh ceannacht ar bith orthu. Ag ceannacht na mBróg. Dúirt sé go raibh sé deacair ag daoine a rachadh isteach i siopa bróg le bróga a cheannacht déanamh amach cé acu bhí Pat agus a athair, Donnchadh, taobh amuigh den teach i nDoire a ’ Chasáin

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3