Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 6 cuid de na bróga maith ná olc. Dúirt sé nach raibh na bróga a rabhthar a ndéanamh ag an am déanta le mairstin, bhí siad le mairstin tamall agus ansin le caitheamh ar shiúl. Cha raibh fuáil ná tairní i bhformhór na mbróg ach go raibh achan chuid acu gliúáilte agus go mbeadh an tsáil nó na bonnaí ag imeacht dóibh in am ghairid. Maidir leis an leathar de dúirt sé go raibh siad i bhfad níos folláine, agus go raibh an bharúil chéanna ag dochtúirí, mar go dtarraingeodh an leathar an t - allas. Dúirt sé nach raibh na bróga a bhí déanta as an ábhar cruaidh sin macasamhail an plaisteach ag tarraingt ná ag sú allais ar bith, go raibh an t - allas ag dul ar ais isteach sna cosa. Ba ghnách le daoine a bheith ag tarraingt ar Phat as an Uachtar agus as an Íochtar agus go deireanach bhí daoine ag tarraingt ar Phat as Baile na nGallóglach, An Tearmainn, Dún Fionnachaidh agus comh fada siar leis an Fhál Carrach. Ba ghnách le cuid acu a gcuid bróg a chur chuige leis na fir a bhíodh ar na veaineanna ag freastal ar lucht siopaí — veaineanna aráin go háirithe. Cha raibh, de réir cosúlachta, gréasaí ar bith le fáil sna háiteacha seo a thuilleadh. Nuair a d ’ éirigh Pat as a chuid oibre mar ghréasaí bhí an oiread sin oibre aige nach dtiocfadh leis coinneáil suas léi. Bhí i bhfad níos mó oibre aige ná bhí aige sna cúig bliana déag roimhe sin. Fán am ar éirigh Pat as cha raibh gréasaí ar bith ar an taobh seo de Leitir Ceanainn. Fuair an cheird bás mar nach raibh airgead le déanamh as, macasamhail na seancheirdeanna eile - an táilliúr agus an gabha ina measc. Chuir na huirlisí nua - aimseartha agus an teicneolaíocht úr iad amach as obair. Bhí gréasaí eile sna Dúnaibh nuair a thosaigh Pat ar a cheird, fear de na Gallachóraigh agus bhí a mhacsan ag obair leisean fosta. Cha dtáinig mórán stócaigh isteach aige le linn na mblianta a chaith sé ag obair a thaispeáin suim sa cheird, tháinig corrdhuine a dúirt go dtiocfadh siad ar ais ach cha dtáinig. Bheadh siad ag súil le páigh agus iad ag obair mar phrintísigh agus cha bheadh an teacht isteach a bhí aigesean ábalta sin a sheasamh. Nuair a thosaigh sé fhéin bhí air trí bliana a chur isteach mar phrintíseach gan tuarastal ar bith ar a shon. De thairbhe go raibh an oiread sin suime aige i gcúrsaí léinn dúirt sé dá mbeadh a shaol le caitheamh arís aige go mb ’ fhéidir go dtabharfadh sé iarraidh ar rud inteacht eile a dhéanamh dá mbeadh sé ábalta, ach an dóigh a raibh an saol ina amsan bhí na daoine creathnach bocht agus cha raibh a dhath fána gcoinne ach a dhul ag obair. Cha raibh cúrsaí oideachais ar an chloch ba mhó ar an choróin Mhuire ag an tseanmhuintir. Dúirt sé go nglacfadh sé an chuid eile dá shaol a bhí fágtha aige go socair, go raibh suim mhór aige sa léitheoireacht. Bhí os cionn míle go leith de leabhartaí aige — leabhartaí liteartha ó thíortha na hEorpa, ón Rúis go dtí an Fhrainc, leabhartaí fealsúnachta, a leithéidí Plato, Aristotle, Machiavelli. Bhí sé sásta go gcoinneodh na leabhartaí sin é gnoitheach ach bheadh am aige fosta a dhul amach fá choinne pionta agus leathcheann. Fuair Pat bás ar an 10ú lá de Mheán Fómhair 1986 agus é bliain os cionn na ceithre scór. Go ndéanaí Dia trócaire ar a anam dílis. Seo thuas grianghraif de phictiúr a tharraing an t - ealaíontóir, Taylor Carson, de Phat agus é i mbun oibre

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3