Guth Ghoill, Eagrán 42

Eagrán 42 Meitheamh 2012 7 An áit is áille in Éirinn. Tháinig mé ar an leabhar seo ag díolachán cupla mí ó shin, “The Face of Ireland”, le Michael Floyd, a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1937 agus seo an dara eagrán ón bhliain 1948. Cineál de threoirleabhar do chuairteoirí atá ann, ina bhfuil cur síos ar thaisteal fríd achan chontae sa tír, na radharcanna agus an tírdhreach atá le feiceáil. Chuaigh Contae Dhún na nGall go mór i bhfeidhm air, agus leoga, pictiúr de Chorrán Binne atá ar an chlúdach. Ag cur tús leis an chaibidil faoi Dhún na nGall agus an Iarthuaisceart, deir sé “I should perhaps begin this chapter by saying that to me Donegal is the loveliest region of Ireland...”, agus leanann sé leis ag moladh na sléibhte, na portaigh, na páirceanna agus na beanna. Agus cha raibh dearmad déanta ar Ros Goill. Deireann sé gur chuala sé go dtagann daoine chomh fada le hÓstán Ros na Binne agus go bhfilleann siad abhaile arís “without realising that they have been on the threshold of one of the really supreme points of Donegal; for in my opinion this praise is by no means too high for the Rosguill Peninsula ... and indeed if I were to be asked to pick out one spot in Ireland that seemed to me to be more glorious than the rest, I believe that Rosguill would be my choice.” De réir chosúlachta, ag an am, cha raibh an bealach thart an Drive thar mholadh beirte, agus dúirt sé gur fearr duit siúl! Anois, nár cheart dúinn a bheith bródúil as ár gceantar féin? Seo thuas pictiúr de Dhumhaigh a bhí sa leabhar seo a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1937

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3