Guth Ghoill, Eagrán 42
Eagrán 42 Meitheamh 2012 8 Bhí bealach nó cosán siúil againn ón reilig síos go dtí’n cladach, áit a bhfuil gallán ag fás anois. Ba dheacair an obair a bhí againn an fheamnach seo a thógáil ar dhroim asail ar a mbeadh úim agus cléibh, aníos aghaidh an chnoic go dtí’n cuibhreann a bhí le rómhar agus le druileáil againn le spád roimh ré. Corr uair bhí aoileach le cur amach as an charn aoiligh le hasal a raibh úim agus feadhnóga orthu. Bhí sé tábhachtach go dtiocfadh braon fearthainne ar an fheamnach sna druileanna le í a dhéanamh bog sular leag muid na scoilteáin. Sin prátaí a bhí gearrtha suas ag fágáil cúpla súil in achan scoilteán agus bhí gach scoilteán chomh maith le práta iomlán a chur sa talamh. Giotaí de phrátaí a bhí fágtha gan súil, tugadh creacháin orthu. Rinneadh na creatháin a bhruith do na ba. Anois ba chóir domh inse daoibh gur scéal mór a bhí ann i gCluain tSaileach nuair a bhriseadh an scéal go raibh an scoith bhuí ar na cladaí ar an Mheall Mhór - ar an Chladach Mhór, ar Chladach an Oileáin agus i Scoilt a Chúir. Bhíodh na céadta tonna ann ach sin ráite, ba obair throm láimhe é a shaothrú agus a shábháil. Bhí sé le cruinniú den chladach agus ansin gearradh an leathach de na slata mara. Nuair a thiocfadh sé isteach bheadh na slata b’fhéidir cúig nó sé throigh ar fad agus iad tiubh. Bheadh siad le triomú ansin agus dhéantaí cocaí dóibh. Bhéarfadh muid an Sin an t-ainm atá ar an stoirm a tharlaíonn idir an deichiú lá agus an ceathrú lá déag de mhí na Bealtaine achan bhliain. Bíonn daoine ag feitheamh ar an scoith bhuí teacht agus ag dúil le farraige throm agus aimsir gharbh teacht leis. Deirtear gur drochchomhartha aimsire é muna dtagann sé san am cheart. Fásann leathach ar charraigeacha ar thóin na farraige agus nuair a bhíonn sé aibí i mí na Bealtaine scoitheann an stoirm seo de na carraigeacha é agus tagann an leathach isteach ar chorr chladach fan cheantar. Ba ghnách le muintir na háite lear úsáide a bhaint as an leathach san tseanam. D’úsáidtí an leathach le cur ar chál nó ar thornapaí sa chuibhreann ach ní chuirtí é ar phrátaí. Bhí feamnach an-mhaith do na prátaí. Bhí an fheamnach le gearradh againn le corrán thíos ar an chladach faoin seanreilig, áit a raibh sciar againn ar thaobh Mhíobhaigh. Bhí an cladach sin roinnte idir mhuintir Chluain tSaileach. An Scoith Bhuí Trá Dhumhaigh i ndiaidh an Scoith Bhuí Teach Mhaggie Uí Dhochartaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3