Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 10 Trá ach go raibh piachán ina ghlór i ndiaidh an scairtí uilig. Shílfeá gur fear de na himreoirí a bhí ann!! Seo Proinsí agus idir muid fhéin níl mórán céille leis ó am go h - am. Tógadh Teach Pobail Realt na Mara ag bun Gháinne i 1955. Ba é Dillon as Leitir Ceanainn an conraitheoir agus fear darbh ainm Mac Diarmada a bhí ina shaoiste ar an jab. Úsáideadh clocha ó sheanteach Ned Ruaidhrí i nDoire a ’ Chasáin. Bhí Willie Watt, James Mac Fhionnghaile, Donnchadh Mac Fhionnghaile, Phil Ó Conchúir, Dan Lynagh agus Denis Mac Suibhne ag obair ann agus chosain sé £2,500 an séipéal a thógáil. Dream darbh ainm Barr as leithinis Inis Eoghain a thóg Coláiste Ros Goill ar an Mhuirleog agus rinne Éamonn de Valera é a oscailt go hoifigiúl sa bhliain 1952. Insíodh domh le goirid gur iad na trí theach is sine ar an Taobh Thiar ná Seanteach Dowdie (Mhic Pháidín), teach John Uí Chanainn ar an Ard Bhán agus teach Hudie Ned Ruaidhrí ar an Mhuirleog. Anois, ag imeacht ar shiúl ón scéal sin, nach mé a bhí sásta gur bhain muid an pheil i mBaile Átha Cliath. ‘ Sé an scéal mór atá ag dul thart fá na Dúnaibh ná go raibh mo chara as Ros na Binne ag an chluiche agus go raibh sé chomh achomair le féileacán an oíche sin in Óstán na Teach a ’ Mhaistir Scoil Dhoire a ’ Chasáin I lár tá John Mac Laifeartaigh (John Dinis) a bhí ag obair ar an Choláiste Seanfhocail Chan fhuil sí beag deas ná mór gránna “Chan fhuil aon rud níos measa ná an bar- raíocht” arsa an seanchat nuair a báid- headh é sa bhainne Bheadh sé ag croitheadh lámh leat agus an sci- an sa láimh eile
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3