Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 11 wants to see you. ” Tháinig fear an chapaill chucu agus thosaigh an fear mór ag gáire. “ You better have a good story mister. William don ’ t like thieves and such. Shuigh Micí ag bun an dréimire agus chuir sé paidir chun na bhflaithis go mbeadh plean de shórt éigin ag Feadaímó. “ Who ’ s this tramp then, Alan,? arsa fear an chapaill. “ Don ’ t know William, he ain ’ t the talkative type. ” “ Well then, ” arsa William, we ’ ll have to make him talk. Bring him up to the house. ” Nuair a chrom an fear mór síos le greim muiníl a fháil ar Mhicí bhuail casúr trom é ar chúl a chloiginn. Thit sé mar a bheadh cloch ann agus léim Micí ina sheasamh. D ’ amharc William suas ach ‘ sé an t - aon rud a chonaic sé ná fear mór ag titim amach as an spéir agus gunna ina lámha. Bhuail Feadaímó é lena chosa agus thit sé go trom ón chapall. Léim Feadaímó ar an chapall agus chuir sé a lámh amach chuig Micí. “ Go tapaigh, aníos anseo ar mo chúl. ” Char chuir Micí am ar bith amú agus sula raibh faill ag na fir sa pháirc racán a thógáil fán rud a chonaic siad bhí an bheirt agus an capall ar chosa in airde amach as an chlós. Chuaigh siad amach an geafta agus síos an bealach mór le rása agus chan fhaca siad comhartha ar bith go raibh duine ar bith sa tóir orthu. “ Glac go socair é, a Fheadaímó, nó beidh an capall marbh agat, ” arsa Micí. “ Tá lód trom ar a dhroim bhocht. ” “ Tá a fhios agam go bhfuil, a Mhicí, ” arsa Feadaímó, “ ach má bhéarfar orainn anois crochfaidh siad muid ar an chrann is cóngaraí. Tá mise chóir a bheith cinnte go bhfuil an boc mór marbh. ” “ Níl aon amhras fá dtaobh de, ” arsa Micí. Scoilt tú é leis an chasúr sin agus ní dóigh liom go bhfeicfidh sé an ghrian arís. I dtaca le William de, níl a fhios agam, ach dóigh amháin nó dóigh eile ní bheidh sé ar a chosa inniu nó amárach. ” Tharraing Feadaímó an capall den bhealach agus chuaigh siad isteach i gcoill. “ Glacfaidh muid scíste beag, ” a dúirt sé, “ ach beidh orainn a bheith ar shiúl amach as an cheantar seo roimh an oíche. ” “ B ’ fhéidir, ” arsa Micí, “ go bhfuil rud amháin a chuideoidh linne. Tiocfaidh na saighdiúirí go dtí an fheirm sin anois ach beidh siad ag súil go bhfuil muidinne ag dul siar. Má théann muidinne díreach ó dheas tiocfaidh muid ar locha Fhir Manaigh. Níl dóigh ar bith go bhfaighidh siad greim orainn istigh ansin. ” “ Sílim go bhfuil an ceart agat, ” arsa Feadaímó, “ anuas leat anois go dtabharfaidh mé deoch don bheathach seo. ” Stiúir Feadaímó an capall a fhad leis an sruthán a bhí ag reáchtáil fríd an choill agus tháinig sé fhéin anuas. D ’ íosfainn an chos dheiridh den chapall seo mé fhéin, ” a dúirt sé agus é ina shuí ar an talamh. “ Cha dtig liom smaoiteamh ar an ghreim dheireanach a fuair mé. ” “ Tá feoil shaillte liomsa i mo mhála, ” arsa Micí agus thug sé píosa maith d ’ Fheadaímó. “ Seo chugat ” a dúirt sé, agus thug sé cúpla briosca crua dó. Cuir na brioscaí sin san uisce agus beidh tú ábalta iad a ithe. Feadaímó Tá Feadaímó agus Micí, fear a bhí mar mhairnéalach i gcabhlach an rí, i ndíog i lár an Lagáin agus iad ag tarraingt ar scioból mór. Tá dhá bhád ar an abhainn agus saighdiúirí sa tóir orthu ar talamh ach caithfidh siad a bheith cúramach mar go bhfuil neart daoine ag obair sna cuibhrinn thart orthu. Stad Feadaímó nuair a bhí siad os comhair an sciobóil agus d ’ amharc sé thart. “ Cha dtig linn dul isteach ann go dtí go bhfuil muid cinnte nach bhfuil daoine istigh ann, ” a dúirt sé. “ Tá dréimire ar an taobh chlé ansin ag dul suas a fhad leis an lochta, ” arsa Micí. “ Tchím sin ach bheadhas muid le feiceáil ó na cuibhrinn sin thall, ” arsa Feadaímó agus é ag sleamhnú amach as an díog. “ Nuair a fhaighim a fhad leis an dréimire rachaidh mé suas chomh nádúrtha agus is féidir liom. Má tá an t - ádh orm agus muna gcluin tú racán ar bith lean thusa mé. ” Sheas Feadaímó agus shiúil sé leis a fhad leis an scioból. Cha raibh duine ar bith ag tabhairt aird air cé go raibh fir ag obair ar bhalla níos cóngaraí don teach mór. Choinnigh sé an gunna i bhfolach faoina chóta agus chuaigh sé suas go dtí an lochta gan buaireamh ar bith. Bhí sé lán d ’ fhéar na bliana anuraidh agus chuaigh sé chun tosaigh le radharc súile a fháil ar an scioból a bhí thíos faoi. Bhí beirt fhear ag obair ar roth cairte agus is i mBéarla a bhí siad ag déanamh comhrá. Chuaigh Feadaímó ar ais go dtí an oscailt agus thug sé comhartha do Mhicí teacht ar aghaidh. Shiúil Micí leis agus a mhála ar a dhroim ach sular shroich sé an dréimire chuala sé scairt. “ Hoí you, haven ’ t you no work to do? ” Luigh Feadaímó síos amach as radharc agus thiontaigh Micí. Bhí fear mór údarásach ag tarraingt air. “ Cat got your tongue? ” a dúirt sé le Micí. “ No sir, ” arsa Micí, “ I was just lookin for the foreman. I thought maybe I could get some work. ” Bhí a fhios ag Micí go raibh sé i ndroch áit mar bhí a chuid brístí báite, salach ón díog agus fosta cha raibh corrán ar bith leis. “ Just you sit and I ’ ll get William, ” arsa an fear mór. “ You look more like a thief than a field man. ” Le sin lig sé fead ghlaice uaidh agus thiontaigh na fir a bhí sa pháirc is cóngaraí chuige. Bhí fear ar chapall agus rinne an fear mór comhartha leis. “ Hey, William, man here
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3