Guth Ghoill, Eagrán 43

Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 12 agus threoraigh sé na capaill ar shiúil píosa. “ How much for the two horses? ” arsa Feadaímó. “ They ’ re not for sale, ” arsa an fear is sinne. “ Last chance, ” arsa Feadaímó. “ You couldn ’ t afford them, ” arsa an boc céanna. “ They ’ re thoroughbreds. I paid twenty guineas apiece as foals for them. ” “ Cha dtiocfadh le Feadaímó a chreidbheáil go ndíolfadh duine ar bith an méid sin airgid ar chapall, go háirithe capall nach ndéanfadh obair ar bith. “ I told you they were too dear ” arsa an boc. ” You ’ re right, ” arsa Feadaímó, “ so we ’ ll just borrow them for a while. ” Ceangal iad don chrann, a Mhicí, agus beidh muid ar shiúl. ” “ You won ’ t get away with this, ” arsa an boc, ach chuir Micí tost ina bhéal le é a choinneáil socair. “ We ’ ll leave your horses in Letterkenny, ” arsa Feadaímó, agus d ’ imigh siad siar. Chuaigh siad cúpla míle an bealach sin ag tabhairt deis do dhaoine iad a fheiceáil sular thiontaigh siad ó dheas. Bhí sé dorcha go leor fán am seo ach choinnigh siad leis an bhóthar go dtí go raibh siad róthuirseach le leanstan ar aghaidh. “ Is deas an rud capall mar seo a bheith fúinn, ” arsa Feadaímó, “ ach caithfidh muid a bheith cúramach leo ”. Chuir siad na trí chapaill ar téad in aice le sruthán, áit a raibh go leor féir acu. “ Caithfidh mise néal chodlata a fháil, ” arsa Feadaímó, “ rud nach raibh agam le trí lá anois. ” Cheangal Micí a leaba luascáin idir dhá chrann ach luigh Feadaímó ar an talamh agus thit sé ina chodladh lom díreach. “ Coinneoidh mise súil amach, ” arsa Micí, ach cha raibh Feadaímó ag éisteacht. “ Bhail ”, arsa Micí leis fhéin, caithfidh mé a rá go bhfuil sin tuilte agat, a ghasúir. Tá mise saor ón chabhlach agus mo shaol i Meiriceá romham, mó bhuíochas leat. Shuigh sé agus a dhroim le crann ag éisteacht le fuaimeanna na hoíche. “ Tá a fhios ag Dia, cad é ’ n sórt lá a bheas romhainn amárach ach caithfidh muid fanacht ar sin. ” Rinne se méanfach agus d ’ éirigh sé. Cha raibh dóigh ar bith a dtiocfadh leis titim ina chodladh agus Feadaímó chomh tuirseach is a bhí sé. Chaith sé an oíche ag siúl thart ar an champa ach cha raibh trup coimhthíoch ar bith le cuir isteach air roimh an mhaidin. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile. “ Lorda, is féasta atá againn, ” arsa Feadaímó agus é ag ithe. “ Dá mbeadhas muid ábalta teacht ar chapall eile sílim go mbeadh deis éalaithe níos fearr againn, ” a dúirt sé. “ Cha bhíonn sé furasta sin a dhéanamh anois, ” arsa Micí. “ Rachaidh an scéal thart fán cheantar seo fan slád a rinne muid níos luaithe. Is Protastúnaigh atá sna feirmeoirí móra uilig thart fán Lagán agus chan trua ar bith a bheas acusan do bheirt de na Gaeil a mharaigh Coirnéal de chuid an Rí agus fear nó beirt acu fhéin. ” “ Tá airgead agamsa, ” arsa Feadaímó, ‘ agus bhéarfaidh mé rogha dófa. Airgead a ghlacadh ar an chapall nó é a chailleadh. Beidh sé tamall maith eile go fóill sula mbíonn sé dorcha, mar sin coinneoidh muid ag dul ó dheas istigh sa choill anseo. Ma tá an t - ádh orainn gheobhaidh muid deis capall a fháil sula gcaithfidh muid stopadh don oíche. ” Cúpla uair ina dhiaidh sin tháinig siad go himeall na coille agus chonaic siad teach mór ar an ard amuigh rompu agus gach cuma ar an áit gur feirm ghnoitheach a bhí ann leis an méid daoine a bhí ag tarraingt ar na sciobóil as na cuibhrinn. “ Thiocfadh leis a bheith contúirteach dul a fhad leis an teach sin, a Fheadaímó, ” arsa Micí. “ Tá slua fán áit. ” “ Tchím sin, ” arsa Feadaímó, “ ach tá neart capall le feiceáil fosta. Fan thusa anseo agus rachaidh mise suas go bhfeicfidh mé an ndíolfaidh siad capall liom. Cá mhéad a chosnódh capall cibé? ” “ Braitheann sin ar an chapall, ” arsa Micí. “ B ’ fhiú cúig phunta ar a laghad an capall sin atá agatsa. Sin ráite thiocfadh leat ceann a fháil ar thrí phunta nó capall oibre ar dheich bpunta. ” Thóg Feadaímó a mhála beag amach as a phóca agus thóg sé bun óir amach as. Bhí iontas ar Mhicí. “ Níl a fhios agam, a ghasúir cá háit a bhfuair tú an méid sin airgid ach ghlacfá a bheith cúramach. Dá mbeadh fhios ag na ropairí bóthair go raibh fear ar an bhealach le mála óir mar sin bheadh siad uilig ár gcuardach. ” “ Cha bheinnse buartha fá na ropairí, ” arsa Feadaímó. “ Oibríonn an chuid is mó acu sin leo fhéin. “ Siad na dragúin a chuireann isteach ormsa. Cha bheadh muid ábalta mórán a dhéanamh in éadan scuad acu sin agus gan againn ach gunna amháin. ” “ Fuist! ” arsa Micí, “ cluinim rud inteacht. ” Cha raibh i bhfad go bhfaca siad beirt ar chapaill ag tarraingt orthu. “ B ’ fhéidir nach mbeadh feidhm orm dul a chóir an tigh, ” arsa Feadaímó, agus thóg sé amach an gunna. Nuair a tháinig an bheirt isteach sa choill sheas Feadaímó rompu agus dhírigh sé an gunna. “ Anuas libh go tapaigh, ” a dúirt sé …. Ní iarrfaidh mé oraibh an darna uair. ” “ What the devil is going on? ” arsa an fear is sinne acu. “ This is an outrage. Being accosted on my own land! ” “ I ’ ll count to three, ” arsa Feadaímó, “ then the young fella gets it in the leg. One ….. bhí an boc óg ar crith. Two …..” Tháinig an bheirt acu anuas agus sheas siad lena lámha in airde. Tháinig Micí amach ó chúl crainn agus fuair sé greim ar na srianta

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3