Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 13 Campa Samhraidh Céim Aniar D’éirigh go maith leis an dá champa samhraidh a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar i mbliana. Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl achan lá: cluichí spóirt, ealaíona agus ceardaíocht, cluichí intinne, damhsa, amhránaíocht, comórtais tógáil caisleáin ar an trá agus rud beag cócaireachta - rinne na páistí píotsaí agus bunóga brioscáin ríse. Chuir siad seó beag i láthair ag an deireadh agus bronnadh teastas ar na páistí uilig. Bronnadh duaiseanna ar na páistí a rinne is mó iarracht Gaeilge a labhairt an t-am ar fad. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na cúntóirí uilig a rinne jab iontach. Bhain na rannpháirtithe taitneamh as a gcuid ama ar an dá champa. Buaiteoirí na nduaiseanna ar an champa i mí Iúil. Buaiteoirí na nduaiseanna ag an champa i mí Lúnasa le Fíona Pasoma
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3