Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 16 Ar dheis, ó chlé tá Finghín Mac Laifeartaigh, Colm Mac Giolla Easpaig, Áine Uí Sratháin, Miseal Ní hAodha agus Seosamh Ó hEarcain, cúigear a bhain Dioplóma sa Ghaeilge amach i mbliana ón chúrsa a bhí a reáchtáil ag Céim Aniar in Áras Ros Goill sna Dúnaibh i gcomhar le hOllscoil Uladh. Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil leo uilig. Tá beirt de na mic léinn ag leanstan ar aghaidh lena gcuid staidéir sa Ghaeilge ar an chúrsa céime anois agus ba mhaith linn gach rath a ghuí orthu. Cuireadh tús arís leis na himeachtaí i ndiaidh am scoile do pháistí bunscoile ar na mallaibh agus tá na déagóirí gnóthach fosta ag obair ar gheamaireacht don Nollaig. Seo cuid acu thuas le Proinsias Ó Cuilinn.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3