Guth Ghoill, Eagrán 43

Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 3 Dhochartaigh as Glasán. Tógadh é mar theach lóistín agus fuair siad ceadúnas Teach Tábhairne luath sna caogaidí. Ba é Peadar Ó Sibhleáin a thóg an chéad bharra sa teach. Fuair Micí bás ar an 30ú lá de Dheireadh Fómhair 1967 agus fuair Maggie bás ar an 29ú Nollaig 1983. Bhí ceathrar de theaghlach ag Micí agus Maggie agus ba Anton an duine ba sine. Ansin tháinig Máire, Josephine, agus Bríd. Bhí multiple sclerosis ar Mháire agus Josephine agus chaith siad cuid mhaith dá saol sa Cheshire Home i Luimneach. Bhí Anton i gcónaí maith dófa agus b ’ iomaí cuairt a thug sé orthu agus thabharfadh sé iad na bhaile chuig na Dúnaibh go minic. Fuair Máire bás i Mí Eanáir 1979 agus Josephine i Mí Nollag 1981. Chuaigh Bríd go Philadelphia i Meiriceá áit a bhfuil sí go fóill. Chuaigh Anton go scoil Dhoire Chasáin agus ansin go Scoil Naomh Adhamhnán Leitir Ceanainn ó 1952 go 1957. Bhí Anton Mac Eiteagáin sa rang céanna leis agus bhí siad ar an fhoireann a bhain comórtas peile Choróin Rann Na Feirste leis an scoil. Phós Anton Margaret Nic Pháidín as an Chaiseal ar an 17ú Meán Fómhair 1966 i dTeach Pobail Naomh Seosamh ar bhóthar Berkley i mBaile Átha Cliath agus bhí an béile acu san Addison Lodge. Bhí ceathrar clainne acu, Gráinne, Micheál, Andy agus Paul. Bhí Anton lárnach i saol Ros Goill, go hairithe i gcúrsaí CLG na nDúnaibh. Fosta bhí Teach Thrá Mór aige agus b ’ é an teach tábhairne a bhí mar rogha ag bunadh na háite, ón Mheall Mór go Dumhaigh siar go dtí na Dúnaibh, ar feadh blianta fada. Leoga tháinig léar daoine ó uachtar an pharóiste go teach Antoin agus dá má rud é go raibh tú ag iarraidh bualadh le duine inteacht is tigh Antoin Mhicí a rachfá tráthnóna Anton Mhicí Fuair Anton Mac Giolla Bhríde, nó Anton Mhicí mar ab fhearr aithne air sa cheantar agus níos faide i gcéin, fear de bhunadh na nDúnaibh, bás ar an 5ú lá de Mheitheamh agus cuireadh é ar a bhreithlá, an 8ú lá de Mheitheamh. I gceantar mar Ros Goill, áit a bhfuil an daonra íseal go leor, agus áit a bhfuil aithne mhaith againn uilig ar a chéile mothaíonn achan duine an brón nuair a chailleann muid duine de bhunadh na háite. Tá sé mar an gcéanna sna ceantracha tuaithe uilig is dóiche, ach corruair gheobhann duine inteacht bás agus buaileann sé muintir na háite níos troime ná in amanna eile, go háirithe má bhíonn an duine seo lárnach i saol an phobail síos tríd na blianta. Is amhlaidh a bhí se le bás Antoin. Rugadh Anton i 1939 i dTeach Thrá Mór, teach a thóg a athair, Micí Sophie Mac Giolla Bhríde as Dumhaigh agus a mháthair Maggie Ní Teach Thrá Mór Sa bharra

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3