Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 4 bith agus ba chuma cé thú cha ngeofá lámh an uachtair air. Níl mé ag iarraidh go bhfaigheadh duine ar bith nach raibh aithne acu ar Anton an pictiúr mícheart fán sórt duine a bhí ann, mar bhain muid uilig sult as na díospóireachtaí a bhí againn leis agus bhí a fhios againn fosta go raibh a chroí chomh mór is a bhí sé fhéin. Nuair a bhris na Dúnaibh ar shiúl ó Roger Casements i 1977 bhí lúcháir ar Anton go mbeadh an paróiste anois ag seasamh leis fhéin. Ag an am sin bhí muid ceangailte le Fánaid agus le Baile na nGallóglach agus roimhe sin bhí na Dúnaibh ceangailte leis An Chraoslach agus le Dún Fionnachaidh. Bhí Anton ar fhoireann na nDúnaibh a bhain Craobh Sóisearach an Chondae i 1957. Rinneadh é a thoghadh mar chéad chathaoirleach ar CLG na nDúnaibh i 1977, post a choinnigh sé ar feadh blianta, agus bhí sé soiléir dúinne agus d ’ achan duine eile go raibh a chroí istigh sa chlub. Fear mór Chumann Lúthchleas Gaeil a bhí ann agus lean sé foireann an chontae go dílis. Bhí sé i mBaile Átha Cliath i 1972 agus i 1974 ag na cluichí leathcheannais agus bhí sé ansin nuair a thóg Dún na nGall an Sam Maguire don chéad uair i 1992. Bheadh lúcháir an domhain ar Anton ar na laethanta seo Dé Domhnaigh. Bheadh an teach plódaithe le muintir na háite an tráthnóna sin ba chuma cén t - am den bhliain é. Nuair a thiocfadh daoine na bhaile ag an Nollaig nó sa tSamhradh cha raibh amhras ar bith fá cá háit a gcaitheamh siad a gcuid oícheanta. Bhí Teach Thrá Mór tábhachtach fosta sna seascaidí, sna seachtóidí agus ag tús na n - ochtóidí mar cha raibh an fón sna tithe uilig ag an am. Rachadh daoine ansin ar an Domhnach agus iad ag fanacht ar scairt ón mhuintir sin a bhí thar lear in Alban agus i Sasana. Thiocfadh Anton amach agus chuirfeadh sé scairt ar an chéad duine eile le dul isteach chuig an fón. B ’ iomaí uair a tháinig drochscéal chuig Anton fá dhuine inteacht a bhí marbh thar lear. Bheadh ar Anton ansin dul agus an scéal a thabhairt do cibé teaghlach a bhí i gceist. Duine ar bith a thiocfadh isteach chuig an bharra bheadh focal ag Anton dóibh, cé acu a shílfeá maith nó olc na focla sin. Bhí tú san áit mhícheart ar fad má bhí do chraiceann ar dhóigh ar bith bog ort. Sin an fáth go ndeachaigh muid isteach sa chéad áit mar bhí an craic i gcónaí maith le hAnton. Thógfadh sé racán fá ábhar ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3