Guth Ghoill, Eagrán 43

Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 5 Bhí sé brónach, bhí sé greannmhar agus bhí sé spéisiúil. Chuir sé saol Antoin romhainn mar dhuine, mar athair, mar pheileadóir agus mar charachtar go deas cruinn agus bhain muid uilig sult as. Fear bródúil, fear neamhspleách agus fear maith a bhí in Anton ar achan dóigh. Ar dheis Dé go raibh a anam dhílis. leis an dóigh a bhfuil an chontae ag imirt faoi threoir Jim McGuinness. Dhíol Anton Teach Thrá Mór i 1991 le Nellie Callaghan agus thóg sé teach i gCeann na Leargaidh áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol. Cha raibh an tsláinte go rómhaith ag Anton sna blianta deireanacha ach char athraigh a phearsantacht ar dhóigh ar bith. Dá rachfá isteach ar cuairt chuige cha bheifeá istigh dhá bhomaite go dtí go mbeadh an chonspóid faoi lán tseoil. Sin Anton, bhain se sult as an díospóireacht. Bhí a chuid tuairimí fhéin aige ar achan ábhar agus chosain sé na tuairimí sin go láidir. Bhí Anton agus Margaret breá sásta sa teach úr agus bhí cuid páistí Phaul agus Ghráinne fán teach go minic. Tá Micheál agus Andy pósta i Meiriceá agus tagann siadsan na bhaile as Meiriceá go minic fosta. Insíonn sin duit achan rud fán mheas a bhí acu ar Anton agus ar Mhargaret. Bhí slua mór ar an tórramh i gCarraig Áirt. Bhí siad ansin ó achan chearn den tír, go háirithe na himreoirí a d ’ imir do na Dúnaibh síos tríd na blianta. Taobh amuigh d ’ imreoirí an lae inniu agus iadsan a d ’ imir le hAnton, bhí chóir a bheith iomlán na n - imreoirí, a d ’ imir do CLG na nDúnaibh i 1977 ar an tórramh. Ní dóigh liom go bhfuil dóigh níos fearr ná sin leis an mheas a bhí againn ar Anton a thaispeáint. Sheas na himreoirí uilig ar dhá thaobh an bhealaigh ag déanamh garda onóra d ’ Anton agus ba chúis bróid a bhí ansin dófa uilig. Thaitin sé go mór leis an teaghlach go raibh an méid sin daoine ansin ag déanamh comhbhróin leo ar thórramh Antoin. Rinne Hughie Fina ard mholadh ón altóir ar Anton agus thaitin sé le achan duine. Anthony Molloy, Anton Mhicí, An tAthair Ó Gallachóir agus Mark Crossan (1992) Bailte Slachtmhara Ros Goill Ba mhaith linn comhghairdeas a ghabháil le Coiste Baile Slachtmhara Carraig Airt as Duais na Gaeltachta a bhaint amach sa chomórtas náisiúnta i mbliana. Tá moladh mór tuilte ag Coiste Baile Slachtmhara na nDúnaibh chomh maith as an obair dhícheallach atá curtha isteach acu i rith na bliana. Tá dul chun cinn mór déanta agus tairbhe na hoibre le feiceáil sa dá bhaile. Is féidir tuairiscí an chomórtais a fháil ar www.tidytowns.ie/reports.php.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3