Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 6 I measc na n - áiteacha eile a dtug siad cuairt orthu, bhí Páirc Foraoise na hArdaí, Cnoc Colbha (Knockalla) i bhFánaid agus ar ndóiche, Cúrsa na Farraige i Ros Goill. Fuair siad blas de chultúr na hÉireann oíche amháin le ceol ón fhear chlúiteach sin de bhunadh Mhic Fhionnghaile as Na Dúnaibh, sin Séamas Mac Suibhne ó Chill Mhic nÉanáin. Ansin bhí oíche áirneáil acu le Séamas Ó hEarcáin as an Chraosloch agus ní fear gan scéal é Séamas! Bhí sé de phléisiúr agam féin labhairt leo ar feadh uair go leith oíche amháin ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge agus an Bhreatnais. Anois, ar eagla go sílfeadh duine ar bith gur aon chineál saineolaí mé maidir leis an Bhreatnais, ní amhlaidh an scéal ar chor ar bith. Ach tá suim agam inti agus tá roinnt leabhar gramadaí bunúsach Breatnaise agam. Mar sin, rinne mé roinnt bheag taighde ar an ábhar agus caithfidh mé rá gur chuir torthaí an taighde iontas go leor orm. Sa chéad áit, tá leagan amach na n - abairtí sa Bhreatnais díreach cosúil leis an Ghaeilge: Tosaíonn a gcuid abairtí leis an bhriathar agus leanann an t - ainmfhocal nó an forainm an briathar. Cuirtear an aidiacht i ndiaidh an ainmfhocail agus ina theannta sin níl an t - alt éiginnte acu ach oiread. Is iad seo leanas cuid de na cosúlachtaí ar tháinig mé orthu agus is léir uathu gur teangacha Ceilteacha a bhfuil mórán baint acu lena chéile atá iontu. Is léir gur ainmfhocail agus aidiachtaí is mó atá ar an liosta agus rinne mé iontas nach raibh mórán cosúlachtaí idir briathra na Breatnaise agus briathra na Gaeilge ar chor ar bith, ach amháin go bhfuil ceann déag de bhriathra neamhrialta acu - san fosta. Baill de Chumann Edward Lhuyd as an Bhreatain Bheag ar cuairt i nDún na nGall Teangeolaí, luibheolaí, staraí agus ileolaí a bhí in Edward Lhuyd, a thug Cuairt Mhór Ceithre Bliana ar an Bhreatain Bheag, Albain, Corn na Breataine, An Bhriotáin agus ar Éirinn idir na blianta 1697 agus 1701. Fear cumasach a bhí ann a scríobh leabhar gramadaí agus foclóir Gaeilge. Thug dream cainteoirí dúchasacha Breatnaise, baill de Chumann Edward Lhuyd, as áiteacha éagsúla ar fud na Breataine Bige, cuairt ar an chontae seo le déanaí. Siúlóirí a bhí iontu uilig agus bhain siad an - taitneamh ar fad as bheith ag siúl, ag spaisteoireacht agus ag dreapadh tríd shléibhte agus ghleannta Iar - thuaisceart Thír Chonaill. Bhí siad ar lóistín in Óstán Bhá na nDúnaibh i rith na seachtaine, áit a thuill ard - mholadh uathu mar gheall ar an chúram a fuair siad ansin. Cé nach raibh scoth na haimsire acu, chaith siad sé huaire ar Chorrán Binne an chéad lá a bhí siad amuigh agus is cinnte go raibh goile breá acu don dinnéar an oíche sin! Chaith siad lá suimiúil i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha lá arna mhárach. Fuair siad léargas ar stair agus ar chultúr Ghleann Bheatha chomh maith le dúlra, fiadhúlra agus gnéithe aiceanta an cheantair san Ionad Léirithe ar dtús. Ansin d ’ imigh siad amach san fhiántas i gcuideachta Lorcán Uí Thuathail, fear a thug caint shuimiúil dóibh ar Thionscadal Athbhunaithe an Iolair Fhíréin. Thug siad cuairt ar an chaisleán agus na gairdíní agus bhí lá iontach acu amuigh i gceartlár áilleachta Ghleann Bheatha. Na siúlóirí ar Chorrán Binne Caint le Lorcán Uí Thuathail i nGleann Bheatha
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3