Guth Ghoill, Eagrán 43

Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 7 Breatnais Gaeilge Béarla Ceffyl Capall Horse Teulu Teaghlach Family Awr Ór Gold Alban Albain Scotland Afon Abhainn River Eglwys Eaglais Church Llat Slat Yard Oen Uan Lamb Buwch Bó Cow Mel Mil Honey Blodyn Bláth Flower Llong Long Ship Rhedeg Rith Run Canu Canadh Sing Ysgrifennu Scríobh Write Cadair Cathaoir Chair Caws Cáis Cheese Siocled Seacláid Chocolate Mochyn Muc Pig Tin Tine Fire Llaw Lámh Hand Ysgol Scoil School Puball Puball Tent Drws Doras Door Bwrdd Bord Table Asyn Asal Donkey Cwningen Coinín Rabbit Cleddyf Claíomh Sword Llwyd Liath Grey Melys Milis Sweet Blasus Blasta Tasty Saith Seacht Seven Deg Deich Ten Braf Breá Fine Du Dubh Black Mawr Mór Big Bach Beag Small Breatnais Gaeilge Béarla Feamainn sa Chistin Tá fhios againn uilig an duileasc tirim a bhí- onn a chogaint ag da- oine, agus an carraigín a dhéantar a bhruith le bainne, agus an slea- bhac a bhíonn le fáil ar na carraigeacha san Earrach, ach taobh amuigh daofa sin, cha bhíonn mórán iomrá ar na feamainn a úsáid sa chocaireacht. Baintear úsáid as feamainn éagsúla go mór i gcócaireacht na Seapáine agus na Síne, agus tá Nori mar chuid thábhachtach den sushi atá le feiceáil ar na biachláir. Agus caidé an Nori ? Sin an sleabhac! Tá leabhar cocaireachta scríofa ag Prannie Rhatigan, dochtúir teaghlaigh i gCo Shligigh, ina bhfuil cur síos ar na feamainn agus an dóigh le iad a thriomú agus a shábháil, agus iad a úsáid sa chistin. Tá cúpla céad oideas, idir chácaí, subh, arán, milseoga agus go leor eile. Seo thíos oideas simplí as an leabhar, pancóga ag úsáid an duile- asc tirim mionghearrtha. Pancóga le duileasc 340 gr (12 unsa) plúr 1 spunóg bheag púdar bácála ½ sp bheag salann 50 gr (2 unsa) im leáite 450 ml (¾ pionta) bainne 2 ubh 25 gr (1 unsa) duileasc tirim mionghearrtha Ola /im chun friochtála Modh: Buail na comhguisí uilig le chéile go maith, gan aon chnapáin. Bíodh an friochtán breá te, agus cur braon ola nó píosa beag ime air. Doirt lán spúnóige móire den ábhar pancóga ar an fhriochtán. Fág go bhfuil siad donn órga ar íochtar agus iompaigh leis an taobh eile a bhácáil. Coinnigh te go dtí go bhfuil an t - iomlán bácáilte. (As an leabhar “ Prannie Rhatigan ’ s Irish Sea- weed Kitchen ” foilsithe ag Booklink, Holly- wood, Co. an Dúin) Duileasc tirim

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3