Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 8 an Mheall Mhór, teach Stephen Jack ar an Chloich Bháin agus teach John Fheargail (Mac Pháidín) i nDumhaigh. An gcreidfeá gur an tuarastal a bhí aige nuair a bhí sé ag obair ar theach John Fheargail ná deich bpingin sa lá. Anois, dearc ar an fhear seo ag siúl as Gort na Luchóg go Dumhaigh, maith nó olc an lá, ag obair go cruaidh le clocha troma ó mhaidin go ham stad tráthnóna agus ansin ag siúl ‘ na bhaile. Don aos óg, dearc ar an fhear seo ag fáil 10 bpingin ar son a lá oibre - ba chóir domh a rá go raibh 240 pingin sa phunt ag an am sin. Tá muid ag caint anois ar euro agus céad cent. Micí Thuathail Steafáin (Mac a ’ tSaoir) as Baile na Deora a thóg teach Mhicí Rua ar an Ghlíob agus tá obair dheas chloiche ar aghaidh an tí. Déarfainn gur Paidí Mór Mhicí Rua (Ó Buaidh) a rinne an obair adhmaid sa teach sin. Saor adhmaid glice a bhí ann agus thug Paidí tréan eolais domhsa nuair a bhí mé óg. Ba é Micí Thuathail Steafáin a thóg teach James Ann i gCluain tSaileach fosta agus ba é Tuathal, athair Mhicí, a thóg scioból Stephen Jack ar an Chloich Bháin. Ceannaíodh an scioból seo agus rinneadh teach cónaí saoire as. Tá an obair Seantithe sa cheantar seo agus na Fir Cheirde a thóg iad. Ba iad Phil Ó Conchúir agus a athair as Glasán, Carraig Airt, a thóg teach Aindi Rua i gCluain tSaileach. Cistin mhór le ceann tuí a bhí anseo i dtús báire. Bhí Aindi ina chónaí leis fhéin agus ba mhinic a d ’ ól mé an tae sa teach seo. Bhí mórtas mór aige ann agus bhí gairdín deas aige in aice an tí. Ba mhinic a thug sé úllaí agus sú craobh domh le hithe. Ba iad Dónall Ghráinne as Cluain tSaileach (athair Joe Ghracie Mac Daibhéid) agus Ned Phaidí Éamoinn (Mac Giolla Bhríde) as Gort na Luchóg a thóg teach Charlie Phaidí Mhadgie i mBaile na Deora. John Dinis (Mac Laifeartaigh) as an Mhuirleog a chur an díon ar an teach seo agus a rinne an obair adhmaid eile lena chois sin. Ba ghnách liom ruaig a thabhairt orthu ó am go h - am nuair a bhí mé ag buachailleacht eallaí i ndiaidh am scoile ar Chnoc na Cloiche Báine. Ní raibh mórán suime agam sa bhuachailleacht - cineál de phionós a bhí ann. Thóg Ned Phaidí Éamoinn teach Mhic Giolla Chomhaill ar an Raplach, teach Phaidí Bhurns ar Teach Aindi Rua i gCluain tSaileach Teach Charlie Phaidí Mhadgie Teach Stephen Jack ar an Chloich Bháin Scioból Stephen Jack mar atá anois
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3