Guth Ghoill, Eagrán 43
Eagrán 43 Meán Fómhair 2012 9 Gháinne rachadh muid isteach tí Phaidí Mhóir fá choinne deoch uisce, ar ár mbealach suas agus ag teacht ar ais dúinn. Agus ag smaoiteamh air anois, bhí Dinis Phaidí Mhóir ag iompar an uisce le buicéid as an tobar a bhí deas don chros. Ba é John Thuathail Steafáin (Mac a ’ tSaoir) a thóg teach Mhicí Mhánais ansin os cionn Tobar na hAilte Báine ar an Ghlíob. Sin go gearr i ndiaidh an darna cogadh, thart fá 1948. Sílim go dear mé fhéin seal gairid oibre ar an teach sin. Bhí adhmad gann ag an am agus bhí deacracht againn adhmad a fháil don díon. Ba iad Tuathal Steafáin (Mac a ’ tSaoir) agus Donnchadh Rua as an Ard Bhán (athair mór Denis Pheigí Dhomhnaill (Mac Laifeartaigh) a thóg seanscoil Mhíobhaigh timpeall na bliana 1923 agus dream darbh ainm Uí Chinnéide as Leitir Ceanainn a rinne an plástráil. ‘ Sé an t - eolas atá agam ná gurbh é John Thuathal Dhonnchaidh as an Ard Bhán a chur an díon air, le cois an chuid eile den obair adhmaid. Thóg Peter Mhicí as Ailt a ’ Chaorthainn agus Den Annie (athair Fardie) as an Ghlíob an balla thart fán scoil. Chaith mise mo chuid ama ar an scoil sin agus ba mhinic a fuair muid deoch uisce ón tobar atá deas don scoil, ag tiontú an choirnéil go hAilt a ’ Chaorthainn. Ba é Donnchadh Rua a thóg an teach dhá stór cloiche sin i nDoire a ’ Chasáin ina raibh Micí Ned Ruaidhrí agus an teaghlach ina gcónaí. Teach John a ’ Mháistir a tugadh ar an teach seo mar go raibh fear darbh ainm John Mac Suibhne ina chónaí ann am amháin agus máistir scoile a bhí ina athair. Chosain sé punt is fiche an teach seo a thógáil agus a chríochnú. Bhí baint ag Donnchadh fosta le tógáil Scoil Dhoire a ’ Chasáin, é fhéin agus John Thuathail (athair Chris Mhic Laifeartaigh) a thóg an seomra tosaigh i 1901. chloiche le feiceáil go fóill. Tá droichead faoin bhealach in aice tí Phaidí Mhóir i gCluain tSaileach, idir an scioból agus na tithe saoire taobh thíos den bhealach. Ba iad Francie Ó Cuilinn as Dún Dubháin agus John Phaidí Dhonnchaidh as Ailt a Chaorthainn a thóg an droichead seo le clocha agus leaca troma leagtha trasna orthu. Tá cuimhne mhaith agam ar an bheirt acu agus déarfainn go raibh eolas acu ar achan rud. Cuireann seo i gcuimhne domh scéal a chuala mé ó na seandaoine fá Phroinsí agus Jimí Phaidí Dhonnchaidh, dhá dheartháir de John. Lá amháin agus iad ina stócaigh óga, trí thaisme chaith Proinsí an tsúil amach as cloigeann Jimí ach chuaigh sé i gceann oibre ar Jimí agus an gcreidfeá gur chuir sé an tsúil isteach ina áit arís. Dochtúir maith a bhí ann agus bhí Jimí beo beatha agus amharc maith súl aige fhad agus a bhí sé beo. Anois cionn is go bhfuil muid ag caint fá Chluain tSaileach agus fá theach Phaidí Mhóir, sin an t - aon teach atá ann le binn an tí ag taobh an bhealaigh. D ’ inis m ’ athair domh nach raibh ann ach teach stór amháin i dtús báire. Bhí teaghlach mór sa teach agus ní raibh mórán réitigh acu. Chuaigh Paidí Mór i gceann oibre. Cuireadh puilíní ar chrainn ag na ceithre choirnéal den teach agus tógadh an díon ina iomlán leis na puilíní. Tógadh na ballaí cothrom agus ligeadh an díon síos san oíche, go dtí go raibh teach dhá stór aige. Ní raibh áit ar bith eile acu le cónaí agus sin an t - aon dóigh a bhí ann foscadh na hoíche a bheith acu. Sin áit a sheasadh muid agus muid ag seanchas i m ’ óige agus achan uair a bhí muid ag dul go dtí siopa Mhaggie nó go dtí an Teach Pobail ag bun Teach Phaidí Mhóir agus an Scioból Droichead An Tobar atá deas do sheanscoil Mhíobhaigh Tobar Scoil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3