Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 10 an póilín ansin chuirfí é fhéin agus a bhean chéile go Contae éigin nach raibh gaolta ar bith acu ann. Bhí sé mar dhualgas ar an R.I.C fosta a dhul sa tóir agus súil a choinneáil ar dhaoine a mbeadh amhras orthu fúthu faoi dhéanamh poitín. Nuair a chuirtear san áireamh an méid oibre a bhí le déanamh acu is dócha nach raibh mórán ama acu a bheith ar shiúl fríd na cnoic agus na sléibhte ag iarraidh a bheith sa tóir ar lucht an phoitín. Caithfear a thuiscint nach raibh ach timpeall 5,000 póilín sa tír nuair a cuireadh ar bun iad agus sa Chontae s’againn fhéin bhí os cionn leathchéad paróiste. Ní raibh sa tseirbhís sa Chontae seo thart fán am sin ach 176 póilín. Ní fhágann sin ach triúr nó ceathrar d’achan pharóiste agus de shiúl na gcos a rinneadh an obair. Dar ndóigh tháinig méadú ar an líon póilíní de réir a chéile agus fán bhliain 1900 bhí an mhíle dhéag acu ann agus 1600 beairic ar fud na tíre. Déanamh Poitín. De thairbhe nach raibh ar lucht déanta poitín aon dleacht (duty) a íoc mar go raibh siad ag déanamh a gcuid oibre faoi cheilt agus go mídhleathach cha raibh teacht isteach nó ioncam reatha (revenue) an Rialtais ó thionscal na driogaireachta (distilling) sa tír seo mar ba cheart do a bheith agus lena chois sin bhí an dream a bhí ag déanamh an uisce beatha go dleathach ag gearán go mbeadh ioncam s’acusan i bhfad níos airde dá n-éireodh leis an Rialtas deireadh a chur nó laghdú mór a dhéanamh ar thionscal an phoitín. Is cosúil nach raibh an R.I.C éifeachtach go leor le súil a choinneáil ar lucht an phoitín. Cha raibh go leor acu ann le dhul i ngleic le ceanntracha iargúlta nach raibh iontu ach sléibhte agus portaigh agus leoga cuid mhaith den am bhí neart eolais acu faoi cad é a bhí ag dul ar aghaidh ach cha dtug siad amhail ar bith air mar go raibh a sáigh ann dófa an tsíocháin a choinneáil sna ceanntracha sin ina raibh siad in ainm is a bheith ag coinneáil an dlí iontu. Póilíní Máil. (Excise Police). Ag tús an naoú céad déag ba ghnách le gníomhairí máil (excise agents) nó oifigigh máil a dhul amach fríd caoráin agus suas cnoic a chuardach áiteacha a mbeifí ag déanamh braiche (malt) nó ag déanamh poitín. Bhíodh an cuardach seo bunaithe ar eolas a bheadh faighte acu ó dhaoine a bheadh ag iarraidh eolas a sceitheadh ar a gcomharsana nó ar eolas ó spiairí a mbíodh airgead a íoc leo. Nuair a tharla a leithéid de chuardach théadh na hoifigigh máil isteach sa stáisiún míleata ba chóngaraí do na Na Póilíní agus Déanamh Poitín. Chaith Sir Robert Peel tréimhse cúig bliana mar Phríomh-Rúnaí sa tír seo (1812-1818) agus dhá thréimhse éagsúla mar Phríomh-Aire ar an Bhreatain Mhór (1834-1835, agus 1841-1846). Ba le linn a thréimhse mar Phríomh-Rúnaí sa tír seo, sa bhliain 1814, a chuir sé ar bun an chéad fhórsa a dtiocfaí póilíní nó gardaí a thabhairt orthu. Ba seo Fórsa um Chaomhnú na Síochána, nó an PPF, Peace Preservation Force. Chuirfí an fórsa póilíní seo amach go dtí áiteacha ar fud na tíre ina mbeadh trioblóid nó a mbeifí ag súil le trioblóid. De thairbhe gur eisean a chuir ar bun iad tugadh ‘Peelers’ orthu ag tús ama. Ansin sa bhliain 1822 cuireadh fórsa póilíní ar bun d’achan chúige faoin Acht Constáblachta. Tugadh Constáblacht Contae orthu seo agus bhí na príomh stáisiúin acu in Ard Mhacha i gCúige Uladh, an Daingean (Ua Fáile) i gCúige Laighean, Baile an Róba (Maigh Eo) i gCúige Chonnacht agus Baile an Chollaigh (Corcaigh) i gCúige Mumhan. Athraíodh an córas seo ar fad le hAcht Chonstáblachta na hÉireann sa bhliain 1836 nuair a rinneadh Constáblacht na gCeithre Chúige a lárnú faoi riail Ard-Chigire i mBaile Átha Cliath agus tugadh Constáblacht na hÉireann orthu as sin amach. Tuairim is 5,000 póilín a bhí san fhórsa ag an am. Níor baineadh úsáid as an focal ‘ríoga’ (royal) go dtí an bhliain 1867 agus ba í an bhanríon Victoria a bhronn an teideal sin orthu de thairbhe chomh dílis is a d’fhan siad di agus iad ag cur Éirí-Amach na bhFíníní faoi chois. Ba Constáblacht Ríoga na hÉireann a tugadh orthu as seo amach nó an R.I.C. mar ab fhearr aithne orthu agus ba iad an chéad fhórsa póilíní in Impireacht na Breataine a bhain úsáid as an fhocal ‘ríoga’. Bhí cód smachta acu a bhí breá dian orthu. Ní raibh uaireanta oifigiúla oibre ar leith acu ná uaireanta ar leith le sos a ghlacadh ach oiread. Thiocfaí a rá go raibh siad i gcónaí ar dualgas. Ní raibh cead ag fear a bheith mar phóilín ina Chontae fhéin agus chaithfeadh seirbhís seacht mbliana a bheith curtha isteach aige sula dtabharfaí cead pósadh dó. Dhéanfadh oifigigh níos údarásaí ná é fhéin an bhean a bhí sé ar tí pósadh a seiceáil. Dá bpósfadh Culaith an R.I.C. thart fá 1880 Feadóg an R.I.C

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3