Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 11 leagan síos. Thug Brereton cuairt thart ar an tír ar fad go bhfeicfeadh sé do fhéin cad é mar bhí na póilíní máil ag comhlíonadh a gcuid dualgaisí agus fosta go bhfaigheadh sé eolas ar na ceantracha ba mhó a raibh déanamh poitín ar siúl iontu. Nuair a mheas sé go raibh sé réasúnta eolach ar an dóigh a raibh lucht an phoitín ag gníomhú agus go raibh eolas cruinn aige ar na hiarrachtaí a bhíothas a ndéanamh le hiad a chur faoi smacht chuaigh sé i mbun oibre. ‘Sé an chéad rud a rinne Brereton ná go bhfuair sé réitithe de thrian den dream seo a bhí ag feidhmiú mar phóilíní máil. Mheas sé nach raibh smacht ar bith orthu, nár cuireadh oiliúint orthu agus nár tugadh treoir ar bith dóibh sa chineál oibre a bhí ar siúl acu. Bhí a gcuid éadach ina bhratóga agus drochbhail ar a gcuid gunnaí. Lena chois sin cha raibh muinín ná iontaoibh ar bith acu as a chéile agus cha raibh struchtúr údaráis acu a raibh éifeacht ar bith ag baint leis. Struchtúr úr faoi Chol. Brereton. Bheartaigh Brereton na póilíní máil a roinn suas sa dóigh go raibh ceithre bheairic in achan Roinn (division). As na ceithre bheairic seo a bheadh in achan Roinn bheadh ceann acu ina Cheanncheathrú (headquarters) sa Roinn agus é mar aidhm agus mar fhreagracht ar an Cheanncheathrú clár oibre na Roinne sin a ullmhú agus a chinntiú go gcuirfí é i bhfeidhm. Fo-chigire a bhí i gceannas ar achan Roinn agus bhí cónaí airsean sa Cheanncheathrú. (Headquarters). Roghnaigh Brereton na Fo-Chigirí ón chuid ab fhearr de na Leifteanaint a bhí ag comhlíonadh a gcuid dualgais nuair a tháinig sé anall. Bhí na beairic faoi cheannas Leifteanant agus bhí sé de dhualgas ar an Leifteanant agus a chuid fear sa Cheanncheathrú a chinntiú gur chuir na Leifteanaint eile sna beairic eile sa Roinn cuid ordaithe agus clár-oibre an Fho-Chigire i bhfeidhm. Déanamh Poitín in Éirinn 1853. Mhaígh Oifigeach Ioncaim Intíre, (Inland Revenue Officer) John Wood, sa bhliain 1853, nach raibh ach dhá pháirtí de na póilíní máil ó dheas ó líne ó Bhaile Átha Cliath go Luimneach, nach raibh feidhm ar bith leo, nach raibh poitín ar bith gur fiú trácht air a dhéanamh ó dheas ón Life ná ó dheas ón tSionainn. Ba iad na contaetha ba mhó do dhéanamh poitín a dúirt sé ná Doire, Tír Eoghain, Dún na nGall, Fear Manach, Sligeach, Gaillimh agus páirt de Cho. An Chláir agus dúirt Wood fosta nach raibh amhras ar bith air ná, as na contaetha sin ar fad, gur Dhún na nGall ba mheasa agus gurbh sin an chúis leis go raibh an tríú cuid de na póilíní máil ar fad a bhí sa tír ar dualgas i gCo. Dhún na nGall. Beidh tuilleadh faoi seo sa chéad eagrán eile. háiteacha seo agus chuirfí complacht saighdiúirí leo. Ach i ndiaidh tamall de bhlianta mheas oifigigh sinsearacha san airm nach seo an cineál oibre a bhí fóirsteanach do shaighdiúirí, nach raibh oiliúint ar bith curtha orthu dá leithéid agus de thairbhe go raibh ócáidí ann ar loiteadh agus ar maraíodh daoine dúradh gur chuir seo isteach go mór ar smacht agus ar mheanma na saighdiúirí. Dhiúltaigh oifigigh míleata sa deireadh go mbainfí úsáid as a gcuid saighdiúirí le tacaíocht a thabhairt do na hoifigigh máil. Ba ag an am seo a shocraigh oifigeach máil amháin cead a fháil ó na hÚdaráis grúpa fear dá chuid fhéin a armáil le cuidiú leis ina chuid oibre. Ba seo fir nach raibh traenáil de chineál ar bith acu i láimhseáil gunnaí ach a bhí sásta dhul sa tóir ar lucht an phoitín agus cúpla scilling a shaothrú. Lean oifigigh máil eile an sampla céanna agus ba seo an dóigh ar cuireadh tús le Póilíní Máil (Excise Police) nó Póilíní Ioncaim (Revenue Police) ag tús an naoú céad déag. Ní raibh ceangal ar bith idir na grúpaí éagsúla seo, d’oibrigh siad neamhspleách óna chéile. Ní raibh cód smachta ar bith ag an dream seo ach oiread agus ba mhinic a tharla racáin agus achrann go leor idir iad fhéin agus lucht an phoitín inár maraíodh agus inár gortaíodh daoine, eachtraí gránna a d’fhéadfaí a sheachaint le gráinnín céille. I ndiaidh tamaill, mar go raibh barraíocht oibre le déanamh acu fhéin, d’éirigh leis na hoifigigh máil fir eile a fháil lena n-áit a ghlacadh nuair a théadh siad sa tóir ar lucht an phoitín. Fuair na fir seo coimisiún ón Mhál agus tugadh an teideal Leifteanant dóibh. Bhí an chumhacht chéanna ag na Leifteanaint seo agus a bhí ag na hoifigigh máil. Colonel Brereton agus na Póilíní Máil. Níor cuireadh an dream seo ar bhun oifigiúil go dtí an bhliain 1836 nuair a cuireadh saighdiúir anall as Sasana, Col. Brereton, le scrúdú ceart a dhéanamh orthu, fórsa éifeachtach a chur ar bun, oiliúint agus traenáil a chur ar fáil dóibh agus cód smachta a Déanamh Poitín

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3