Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 12 Chúige Chonnachta agus Laighin agus tá sé urraithe ag Bórd Fáilte na Spáinne. Tháinig fás agus forbairt air ó shin agus d ’ éirigh sé chomh mór sin gur chomórtas náisiúnta atá ann anois, le níos mó ná 325 club ag glacadh páirt ann achan bhliain. Bíonn dháréag fear agus an dáréag ban ar gach painéal agus iad san iomaíocht le háit a fháil ar an fhoireann de dheichniúir. Ciallaíonn seo go bhfuil chóir a bheith 8,000 duine páirteach sa chomórtas seo. Dálta Chraobh Peile na hÉireann, bhain siad Craobh Uladh ar a mbealach chuig an Chluiche Ceannais nuair a bhuail siad Cumann Gailf Chaisleán Mhannain, Charraig Mhachaire Róis, Co. Mhuineacháin. Ansin, bhuail siad Cumann Gailf Ráth Fearnáin sa chluiche leath - cheannais i gCluain Tarbh, os comhair slua díograiseach dá lucht tacaíochta féin ó Bhaile Átha Cliath. Nuair a chuimhnítear gur bhain siad Craobh Uladh agus Craobh Uile Éireann, an cluiche leath - cheannais san áireamh, taobh istigh de sheachtain, is léir gur gníomh gaiscíochta atá déanta acu. Chan iontas ar bith go raibh áthas thar cuimse ar an dá chaptaen, Bernadette North agus Peadar Mac Gabhann. Ba mhaith leo a mbuíochas a ghabháil leis na himreoirí agus an lucht tacaíochta go léir a chuidigh, ar bhealach ar bith, leis an duais shuntasach seo a thabhairt abhaile go Ros na Binne ar imeall Chuan na Long. Ba mhór an bhliain a bhí ag Séamas Mac Aonghusa agus laochra Thír Chonaill i mbliana agus Sam Mac Uidhir go sábháilte faoina n - ascaill acu i measc sléibhte Dhún na nGall. Ach níorbh iad an t - aon dream a bhain clú agus cáil amach dófa fhéin ar fud na hÉireann, mar tá dream as an pharóiste seo, agus is baill de Chumann Gailf Ros na Binne iad, a bhfuil éacht déanta acu chomh maith. Bhí cath ollmhór ar mhínleach Chluain Tarbh, Aoine an Chéasta, 1014 nuair a chuir Brian Boróimhe an ruaig ar na Lochlannaigh ach níor lú an choimhlint a tharla i gCluain Tarbh ar an seachtú lá de Mheán Fómhair 2012 nuair a bhain fir agus mná Ros na Binne, Comórtas Páirtíochta Measctha Uile Éireann (Mixed Foursomes), áit a bhfuair siad an bhuaidh ar Chumann Gailf Droim Ólainn as Co. an Chláir, leis an scór 3.5 in aghaidh 1.5. Comhghairdeas leis an fhoireann iontach a bhain an comórtas suntasach seo don chéad uair riamh i stair Chlub Ros na Binne a bunaíodh sa bhliain 1895. Ba iad Con Ó Buaigh agus Suzanne Ui Ghallchóir, Pádraig Ó Buaigh agus Kit Uí Bhuaigh, Proinsias Ó Cathasaigh agus Terri Mhic Ghiolla Bhríde, Enda Ó Cinnéide agus Dympna Uí Cheallaigh, Marty Mac Diarmada agus Orla Uí Lionnaith na himreoirí a ghnóthaigh onóir dófa féin, dona gceantar agus dona gclub agus tréaslaíonn muid leo ó chroí. Thosaigh Comórtas Páirtíochta Measctha Uile Éireann sa bhliain 1972 mar chomórtas idir chumainn gailf Bua Stairiúil ag Cumann Gailf Ros na Binne Comórtas Páirtíochta Measctha Uile Éireann
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3