Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 17 gairdín ina raibh prátaí ag fás. Tháinig muc agus ceithre arcán amach as an fhéir fhada le taobh an locha agus shiúil siad díreach isteach sa bhothán. Thóg Feadaímó a lámh agus tháinig Micí chuige. “ Níl mórán cuma ar an bhothán, ” a dúirt sé, “ ach níl ganntanas fán áit ach oiread. ” “ Níl a fhios agam cén cineál daoine a bheadh ina gcónaí in áit mar seo, ” arsa Micí. “ Tá muid i lár an Lagáin agus is feirmeacha móra uilig atá sa cheantar seo. ” “ Bhail, arsa Feadaímó, chan feirm mhór í seo. Is screabán den chuid is mó atá ann agus chan fheicimse tithe ar bith eile thart. ” Le sin tháinig fear amach as an teach agus cliabh ar iompar aige agus é ag tiomáint an mhuc agus a hál roimhe. Rith na muca i dreo an tsrutháin ag scaipeadh na gcearc go callánach. Chuaigh an fear a fhad leis an chruach mhóna. D ’ éirigh an madadh agus choimhéad sé an obair a fhad is a bhí an fear ag líonadh an chléibh. “ Sílim go gcaithfidh muid iarracht a dhéanamh bia a fháil anseo, ” arsa Feadaímó. “ Beidh sé níos sábháilte ná na tithe móra. ” “ Aontaím leat, ” arsa Micí, “ ach rachaidh mise isteach liom fhéin ar dtús go bhfeicfidh mé. Tá sé róchiúin i mo thuairimse. Siúlfaidh mé ó seo mar sílim go mbeidh sé níos fearr na capaill a choinneáil i bhfolach. Fan thusa anseo agus coinnigh súil orm. ” “ Glac d ’ am bomaite, ” arsa Feadaímó. “ Má tá contúirt ar bith ann, b ’ fhearr liomsa é a láimhseáil. ” Thóg sé a mhála beag óir as a phóca agus thug sé é do Mhicí. Seo chugat, na caill sin mar gur sin luach an bháid go Meiriceá don bheirt againn. ” Bhí iontas ar Mhicí. “ Chan rud é go bhfuil aithne rómhaith agat ormsa, a Fheadaímó. An bhfuil tú …” “ Tá do sháith ráite agat, ” arsa Feadaímó ag briseadh isteach air. “ Sheas tú liom ó d ’ fhág muid na boic eile ar an bhruach agus is leor sin domhsa. Anois má tá deacracht ar bith agam thíos ansin tar thusa isteach leis na capaill chomh tiubh géar is a thig leat. ” Chuir Feadaímó piostal ina phóca agus d ’ imigh sé. Cha raibh ach cúpla slat siúlta aige nuair a thosaigh an madadh ag tafann. Chuir an fear a lámh ar an mhadadh agus shocraigh sé. Tháinig bean amach as an teach agus d ’ amharc sí ar Fheadaímó. Dúirt an fear rud inteacht léi ach cha raibh Feadaímó ábalta é a dhéanamh amach. Chuaigh sí isteach go dtí an teach arís agus tháinig sí amach le spád agus thug sí é don fhear. “ Cad é mar ata sibh, ” arsa Feadaímó sular smaoitigh sé. Más Gaill a bhí iontu chan rófháilteach a bheadh siad anois. “ Níl caill ar bith orainne, ” arsa an fear, agus bhí lúcháir ar Fheadaímó. Ta cuma ort go bhfuil turas fada déanta agat, a ghasúir. “ Thiocfadh leat sin a rá, arsa Feadaímó. “ Ach sé ’ n rud is measa fán turas seo ná an ganntanas bia. ” “ Cha dtagann mórán daoine an bealach seo, ” arsa an bhean. “ Tá tú píosa maith ón ghnáth bhealach cé acu ó thuaidh nó ó dheas do threo. ” “ Ghlac go socair é, a Mháire, ” arsa an fear. “ Chan a dhath dár ngnoithese é cén treo ina bhfuil sé ag dul. ” Chuir an fear an spád in aice na cruaiche agus shín se amach a lámh chuig Feadaímó. “ Tá fáilte romhat, a strainséir, gheobhaidh tú do scíste agus do sháigh le hithe anseo. Cibé cad é na hualaí atá orm fhéin is ar Mháire Feadaímó Tá Feadaímó agus Micí i bhfolach i gcoill sa tuaisceart. Tá Feadaímó ina chodladh agus tá Micí ar fhaire na hoíche. Tá saighdiúirí an Rí agus feirmeoirí an Lagáin sa tóir orthu. Mhúscail Feadaímó agus shuigh sé ag amharc thart. Bhí sé dorcha istigh faoi na crainn ach bhí bánú an lae le feiceáil fríd na duilleoga. Cha raibh a fhios aige cá raibh sé ar feadh tamaill. “ Tchím go bhfuil fear Thír Chonaill ar ais linn, ” arsa Micí. “ In ainm Dé, a Mhicí, lig tú domh codladh i rith na hoíche, ” arsa Feadaímó, agus é ag éirí. “ C ’ fhad is atá sé ó fuair tusa oíche chodlata, a ghasúir, ” arsa Micí. “ Seo chugat, sin deireadh na feola saillte agus níl ach leathdhosaen de na brioscaí crua fágtha. Tá an t - ádh orainn go bhfuil na beithigh againn mar cha shílim go siúilfeas muid fhéin mórán gan an cothú ceart. ” “ Nach bhfuil sé greannmhar ”, arsa Feadaímó agus é ag dul sa diallait ar chapall, “ Cha raibh mé ariamh chomh saibhir nó ariamh chomh ocrach. ” Thosaigh Micí ag gáire. “ Rud amháin fán chabhlach, olc is eile is a bhí sé, char mhothaigh mé ocras ann in am ar bith. ” Tháinig siad amach as an choill le bogshodar, Feadaímó chun tosaigh agus Micí ar cúl agus greim sriain aige ar an tríú capall. Chuaigh siad ó dheas i dtreo aibhneacha agus locha Fhear Manach. Choinnigh siad ar shiúl ón phríomh bhóthar ach chuir sin moill mhór ar a ndul chun cinn. Thart fán mheánlae chonaic siad bothán bocht ina shuí faoi bhinn in aice le heas beag. Cheangal siad na capaill ar chrann istigh sa choill agus shleamhnaigh siad chun tosaigh le súil a chaitheamh ar an áit. Lá álainn grianmhar a bhí ann agus cha raibh smid gaoithe ar bith ann. Bhí cuma dheas shuaimhneach ar an bhothán agus an toit ón simléir ag dul suas díreach san aer. Bhí cearca ag piocadh thart fán doras tosaigh agus bhí lachain sa loch bheag ag bun an easa. Os comhair an tí bhí seanmhadadh caorach ina luí faoi scáth ag an chruach mhóna. Anois is arís thógfadh sé a cheann le hamharc ar na cearca ach bhí an chuma air nach raibh mórán beochta ann. Cha raibh bóthar nó cosán ag teacht nó ag imeacht ón bhothán. Chuaigh Feadaímó píosa eile chun tosaigh agus chonaic sé bó agus gamhain ina luí cóngarach don loch i gcuibhreann beag ina raibh cruach fhéir ina sheasamh. Thíos ag bun an chuibhrinn chéanna bhí cúig chaora agus sé uan le feiceáil. Ar an taobh eile den loch bheag suite idir an bhinn agus sruthán bhí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3