Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 18 Fágfaidh muid agus tá a fhios agaibh fhéin gur sin mar is fearr é. ” Cha ghlacadh Eoin airgead ar bith ó Fheadaímó nuair a rinne sé iarracht bonn óir a thabhairt dó. “ Ná bí amaideach, ” a dúirt sé. Cheannódh sin lóistín míosa duit i gcathair ar bith. Cibé ar bith níl áit ar bith thart anseo le hairgead a chaitheamh. Tá achan rud atá a dhíobháil orainne béal dorais againn. ” Bhí an bheirt ina suí ar na capaill, iad réidh le himeacht nuair a tháinig Máire amach le mála prátaí chucu. “ Beidh siad fuar ach coinneoidh siad an fear gortach ar shiúl uaibh tamall eile, ” a dúirt sí. “ Nach bhfuil sé iontach, ” arsa Micí agus iad ar an bhealach, “ an cineál daoine a dtagann tú trasna orthu i do shaol. Tá an bheirt sin go sona sásta leis an méid atá acu agus tá daoine eile nach mbeidh choíche sásta is cuma cad é atá acu. ” “ An mbeifeá thusa sásta a bheith do chónaí i mbothán mar sin don chuid eile de do shaol, ” arsa Feadaímó. “ Cha bheinn ” arsa Micí. “ Ná mise ach oiread, ” arsa Feadaímó. Dhá lá ina dhiaidh sin chonaic siad locha Fhear Manach rompu. “ Más féidir linn fáil isteach ina measc, ” arsa Micí, níl dóigh ar bith a bhfaighidh na saighdiúirí greim orainn. ” Bhí siad ar bharr ardáin agus radharc maith acu ar an cheantar thíos fúthu. Bhí abhainn ag reáchtáil isteach i loch mór ó dheas uathu. Ar bhruacha an locha bhí coillte móra go fairsing ag spréadh amach comh fada ó dheas is a thiocfadh leo feiceáil. Anseo is ansiúd ar an bhruach bhí teach beag sáite i measc na gcrann, ach, ina hiomlán, cha raibh mórán tithe le feiceáil. “ Tá an talamh sin idir muid fhéin is an abhainn sin breá foscailte, ” arsa Feadaímó, “ agus sílim gur bhfearr dúinn scíste a thabhairt do na capaill. Fanfaidh muid anseo go dtitfidh an oíche. ” “ Beidh sé deacair an abhainn sin a thrasnú sa dorchadas, ” arsa Micí. Shuigh Feadaímó agus é ag amharc síos. “ Is cuma liom, ” a dúirt sé. “ Má tá muid ábalta fáil isteach sna coillte sin gan duine ar bith muid a fheiceáil, beidh muid caillte ar fad do na saighdiúirí. Cha bhíonn siad ag súil gur ó dheas a chuaigh muid agus cha dtig linn sin a mhilleadh anois. ” Cheangal siad na capaill agus luigh siad ar an talamh ag fanacht ar an oíche. Beidh tuilleadh sa chéad eagrán eile. anseo, chan ocras ceann acu. ” D ’ amharc Feadaímó ar Mhaire agus chonaic sé go raibh miongháire ar a haghaidh. “ Má tá Eoin sásta leat tá mise sásta, ” a dúirt sí. “ Seo, goitse isteach. ” Bhuail an smaoiteamh Feadaímó go raibh air cothrom na féinne a thabhairt don lánúin seo. “ Sula dtéim áit ar bith, ” a dúirt sé, “ Is Feadaímó atá ormsa agus caithfidh me an méid seo a insint daoibh. Níl mé liom fhéin, tá beirt againn ann, agus tá na hÚdaráis sa tóir orainn. ” Thosaigh Eoin ag gáire agus ansin thosaigh Maire fosta. “ Ó, a Dhia, a ghasúir, bhí a fhios againn an méid sin chomh luath is a chonaic muid thú. Cha bheadh duine ar bith ag teacht an bealach seo ach amháin go raibh siad ag coinneáil i bhfolach ó na hÚdaráis. ” Thiontaigh Feadaímó agus d ’ amharc sé suas ar an ardán. Thóg sé a lámh in airde agus sheas Micí agus rinne sé amhlaidh sula deachaigh sé as radharc. “ Tá capaill linn, ” arsa Feadaímó, beidh Micí anseo gan mhoill. ” “ Beidh fáilte roimhe, arsa Eoin, agus shiúl sé fhéin agus Máire i dtreo an bhotháin. Lig Feadaímó scairt as. “ Nach bhfuil sibh ag iarraidh fáil amach cad chuige a bhfuil muid ag teitheadh? ” “ Níl, ” arsa Eoin, is Gaeil ata ionaibh agus is leor sin dúinne. ” Lean Feadaímó iad isteach. Cha raibh ach fuinneog bheag amháin sa bhalla agus bhí se dorcha go leor istigh cé go raibh lá grianmhar amuigh. Bhí tine mhóna lasta sa teallach agus bhí cúpla stól in aice leis. Sheas Feadaímó áit a raibh tábla gharbh agus dhá chathaoir faoin fhuinneog. Mothaigh sé boladh bóithigh fán áit agus bhí se soiléir gur istigh anseo a thiocfadh an bhó agus a gamhain san oíche. Bhí leaba chocháin sa choirnéal agus bhí cearc ghoir ina suí i mbosca ag bun a ’ tseomra. “ Seo suí, ” arsa Eoin, “ agus déanfaidh Máire rud inteacht daoibh le hithe. ” Chuala siad an madadh ag tafann agus chuaigh Eoin agus Feadaímó amach. Léim Micí anuas, agus cheangal sé na capaill ar gheafta an chuibhrinn. “ Is é seo Micí, arsa Feadaímó. “ Tá fáilte romhat, a Mhicí, ” arsa Eoin, “ tar isteach is lig do scíth. ” Chuir Máire pota mór prátaí agus babhla d ’ uibheacha bruite ar an tábla. Bhí se mar a bheadh féasta ag an bheirt a bhí lag leis an ocras. Shuigh Micí agus Máire ag an tine a fhad is a bhí siad ag ithe agus bhí an comhrá idir an cheathrar ag dul anonn is anall. Fuair Feadaímó amach gur tógadh athair agus seanathair Eoin sa bhothán agus gur lig an Tiarna Talún don teaghlach a bheith ina chónaí sa choirnéal seo siocair chomh bocht is a bhí an talamh. Bhí beirt iníonacha agus gasúr acu agus bhí an triúr ar fostú sa Lagan. “ A fhad is a choinníonn mé fhéin agus Máire amach as an chosán agus go ndíolann muid an cíos cha bhacann duine ar bith linn, ” arsa Eoin. “ Is fearr dúinne a bheith ar shiúl sula bhfeiceann duine ar bith anseo muid, ” arsa Feadaímó. “ Arú fanaigí an oíche, ” arsa Eoin, “ déanfaidh an scíste maith daoibh. ” “ Cha dtuigeann tú an chontúirt, ” arsa Feadaímó, “ tá saighdiúirí agus feirmeoirí sa tóir orainn agus má thagann siad orainn anseo? Bhail, tá a fhios agaibh fhéin, cha bheadh trócaire ar bith acu daoibh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3