Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 3 ndaicheadaí ach is fada an lá an siopa seo druidte fosta agus Tony fosta ar shlua na marbh. Ní amháin go raibh siopa ag Tony ach b ’ fhear tacsaí a bhí ann fosta. Bhí ráchairt mhór ar charr tacsaí na blianta sin nuair a bhí muid óg, go díreach mar atá sa lá atá inniu ann agus chan le daoine a thabhairt go dtí an teach óstais! Sna glúnta a chuaigh romhainn bhí daoine thar a bheith dílis dá gcreideamh agus chaithfeadh siad a gcuid dualgais a chomhlíonadh - Aifreann Domhnaigh, Faoisidin agus an Chéad Aoine, gan trácht ar na hócáidí breise ag an Nollaig, an Cháisc, an Charghas agus fosta laethanta saoire Eaglaise. Cha raibh mórán tithe a raibh carr ina shuí ar an tsráid ná ag tóin an tigh acu mar atá sa lá atá inniu ann agus má bhí siúl fada ‘ un íochtair, nach raibh an siúl ‘ un uachtair achan phioc chomh fada, go háirithe ar feadh na mblianta sin sular tógadh an teach pobail ag bun Gáinne. Bhí teach óstais ar an bhaile fosta a chuaigh siar blianta fada, mar a bhí Teach Bhella. Tá an teach óstais seo i seilbh Mhicheál Uí Dhochartaigh anois agus is ann a gheobhaidh tú béile den scoth agus do sháith le hól. An Síbín Ceoil a ghlaoitear air anois agus is dócha gur fóirsteanach an t - ainm é mar gur dócha gur síbín a bhí ann an chéad lá ariamh. Na sloinnte a bhí coitianta ar an bhaile seo Tá baile fearainn Chluain tSaileach, a bhfuil cósta aige leis an Mhaol Ruaidh ina luí faoi scáth Gháinne Mór ar an taobh thoir de leithinis Ros Goill. Tá cúig bhaile fearainn eile ar an teorainn leis: Míobhaigh, An Mhachaire Bhig, An tArd Bán, Dumhaigh agus Dún Dumháin Uachtarach. Tá an Chloich Bháin mar pháirt de bhaile fearainn Chluain tSaileach. oifig poist a chuaigh siar níos faide ná an chuimhne is faide siar atá ag an mhuintir is sine ar an bhaile. Ba seo an áit a raibh siopa ag Maggie Cháitríona (Maggie Boyce) fosta ach tá an siopa agus Oifig an Phoist druidte le fada an lá agus Maggie í fhéin ar shlí na fírinne. Bhí pearsantacht tharraingteach ag Maggie, greannmhar in amanna, teanga ghéar in amanna agus corr mhallacht fosta, ach a Dhia thar aon rud eile ba í a bhí flaithiúil, go háirithe le páistí. Is iomaí crág mhór losainséirí a shíneadh sí trasna an chúntóir chuig tachráin a mbíodh an teanga crochta leo ag amharc ar na jaranna móra de losainséirí a bhíodh ina suí ar na seilfeanna dorcha. Nach í a bhí tuisceanach le linn blianta an anáis? Bhí siopa eile i gCluain tSaileach fosta, bhí sé suite ansin ag barr bhealach na Cloiche Báine, seo siopa a bhí ag Tony Bhrianaí Thuathail (Mac Giolla Bhríde). Tógadh an siopa seo ag tús na Baile Fearainn Chluain tSaileach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3