Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 4 Cúig theach déag atá ag bunadh na háite ar an bhaile anois agus daonra de 39, laghdú de dheichniúr ón bhliain ’86. ‘ Sé an t - athrú is mó atá ar an bhaile ná go bhfuil chóir a bheith an oiread de thithe saoire is atá de thithe bhunadh na háite, tá ceithre cinn déag acu sin ann. Maidir leis na tithe atá folamh nó ina bhallóga tá seach- tar acu sin ann. Tá argóint láidir ann go bhfuil seanreilig Mhíobhaigh taobh istigh de chríocha Chluain tSaileach. Fágfaidh mé ag Dinis Dhonchaidh Mhíchíl, ag Proinsí, ag Joe Ghracie agus ag Neidí John Pheigí an cheist seo a réiteach dúinn, é a dhearbhú nó a bhréagnú! Más fíor é, thig a rá go bhfuair slua mór daoine as achan chearn, suaimhneas agus síocháin ón tsaol i gcluain na saileoige. Tá muid anois ag dul a thabhairt amharc ins na chéad eagráin eile de Ghuth Ghoill ar na glúnta agus an mhuintir a chuaigh romhainn agus a rinne cónaí i mbaile fearainn Chluain tSaileach. Muintir Mhicí Bán. Rugadh Micheál Ó Gallchóir, nó Micí Bán mar ab fhearr aithne air in 1864, an duine ab óige d ’ ochtar clainne - Donchadh, John, Edward, Jamie, Antoin, Micheál, Cití agus Ellen. Donchadh Ó Gallchóir as Creamhghort ab ea a corradh agus céad bliain ó shin ná: Mac Giolla Bhríde, Ó Gallchóir, Mac Daibhéid, Ó Frighil agus Ó Buaidhe. Deir siad go n - imíonn na daoine ach go bhfanann na cnoic, bhuel d ’ fhan na sloinnte i gCluain tSaileach fosta mar go bhfuil na sloinnte coitianta sin a bhí ann céad bliain ó shin breá láidir ar an bhaile go fóill. Cuirfidh sibh sonrú sa sloinneadh sin Ó Frighil mar nach raibh sé róchoitianta fán cheantar ach ba sin an sloinneadh a bhí ar mháthair mhuintir Phadaí Mhór a raibh cónaí orthu sa teach breá sin trasna ó Oifig an Phoist. Ceithre theaghlach déag ar fad a raibh cónaí orthu ar an bhaile fán am sin agus bhí céad duine sa cheithre theaghlach déag seo. Dhá bhliain déag agus tri fichead ina dhiaidh seo, fán bhliain 1972, ceithre theach déag a bhí ar an bhaile fosta ach is cinnte nach raibh an oiread céanna daoine in achan teach mar go raibh líon na ndaoine ar an bhaile titithe go dtí 43, triúr ar an mheán in achan teach. Cha raibh mórán d ’ athrú ar líon na ndaoine fán bhliain 1986 mar gur 49 duine a bhí beo ar an bhaile. Má amharcann muid ar dhaonáireamh na bliana 2011 tchífidh muid nach bhfuil mórán d ’ athrú ar an bhaile ón bhliain 1986, taobh amuigh de na tithe saoire.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3