Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 5 chniotála Mhic Fhloscaí i gCarraig Airt agus chaith Dinis a chuid ama ag iascaireacht agus ag feirmeoireacht. Siúnéir den scoth a bhí in Paidí, deireadh Madgie Dochartaigh (James Antoin) i gcónaí gur Paidí Mhicí Bán a rinne a trunc dithe nuair a shocraigh sí a dhul go Meiriceá. Bhí sé pósta ar Annie Nic Giolla Bhríde (Annie Mhicí John) as Gort na Luchóg. Gúnadóir (dressmaker) a bhí in Annie agus d ’ oibrigh sí amach as an teach i gCluain tSaileach ar feadh tréimhse. D ’ oibrigh Paidí in Albain agus i mBaile Átha Cliath agus ansin shocraigh an teaghlach i Leitir Ceanainn. Thóg sé teach breá dó fhéin agus dá theaghlach i mBaile Raithin i Leitir Ceanainn sna caogaidí ach ar an drochuair chan fhuair Paidí an deis an chuid eile dá shaol a chaitheamh sa teach breá a thóg sé. Fuair Paidí bás ar an cheathrú lá de mhí na Nollag 1965 agus gan é ach na ceithre bliana agus trí scór. Triúr clainne a bhí ag Paidí agus Annie: Gerard, Annemarie agus Eileen, ach fuair beirt acu, sin Gerard agus Annemarie bás agus iad ina dtachráin. Múinteoir scoile a bhí in Eileen agus phós sí an t - ealaíontóir, Cathal Mac Fhionlaoich. Rinne siad cónaí i Leitir Ceanainn, áit ar thóg siad clann mhór. Ba é James an duine ab óige den teaghlach agus ba siúinéir a bhí in James fosta. Chaith sé tréimhsí ag obair in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Pósadh in Albain é ar Mhaggie Ní Ghallchóir as an Raplach. Rinne siad cónaí in Umlach i gCarraig Airt áit a raibh beirt chlainne acu, Margaret agus Geraldine. Tá an bheirt acu pósta agus ag tógáil clann, Geraldine i Mainéar Uí Chuinneagáin agus Margaret i gCarraig Airt. Fuair Dinis, Paidí agus James bás taobh istigh de dheich mí dá chéile. Fuair Dinis bás ag deireadh an Fhómhair, am bhaint na bprátaí. Bhí Máire abhus i siopa Mhaggie Cháitríona (Maggie Boyce) agus d ’ fhiafraigh sí do Joe Ghracie an bhfaca sé Dinis, go raibh sé sa chuibhreann ag baint phrátaí. Is cosúil nach raibh sí ábalta é a fheiceáil. D ’ imigh athair agus ba Máire Ní Oireachtaigh as an Ghlíob a mháthair. Iascaire a bhí in Micí Bán ach chaith sé tréimhsí ag dul d ’ obair fheirmeoireachta comh maith. In 1892 phós sé Nancy Nic Giolla Bhríde as an Chloich Bháin, iníon le Micheál Mac Giolla Bhríde agus a dhara bean, Madgie Ní Ghallchóir as an Chloich Bháin. Bhí ceathrar deartháir ag Nancy; Donchadh, John, Micí agus Paidí, agus deirfiúr amháin, sin Rosie. Seachtar clainne a bhí ag Micí agus Nancy ach fuair beirt acu bás ina n - óige. Bhí Dinis (1893), Máire (1899), Paidí (1901), Rosie (1905) agus James (1908) ann. Fuair Micí bás sa bhliain 1913 nuair nach raibh sé ach daichead is a naoi bliain d ’ aois agus fágadh Nancy ina baintreach le teaghlach óg. Fuair a iníon Rosie bás agus gan í ach ocht mbliana déag agus fiche. Fuair Nancy í fhéin bás sa bhliain 1944 ag aois a ceithre bliana déag agus trí scór. Ba Dinis agus Máire an bheirt ba sine agus bhí siadsan sa bhaile i gcónaí i gCluain tSaileach. D ’ oibrigh Máire ar feadh tamaill i monarchan Paidí Mhicí Bán agus Annie Mhicí John lá a bpósta. James Mhicí Bán

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3