Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 6 dheireanaí, teach breá a raibh stór go leith ann agus díon sclátaí air. Bhí na seanbhallóga ansin ar feadh tamaill fhada go dtí gur leagadh iad traidhfil blianta ó shin le réiteach a dhéanamh don teach úr a thóg Tony agus Fiona Pasoma ar an suíomh chéanna. Ba dheas an rud é nár leagadh an shed a thóg James Mhicí Bán na blianta sin fad ó shin agus tá na crainn ghiúise a chuir sé in aice an tí ag tabhairt foscaidh ansin go fóill, iad ina seasamh go maorga thuas ar thaobh an chnoic ós cionn Chluain tSaileach. Beidh tuilleadh faoi Chluain tSaileach sa chéad eagrán eile. Joe go bhfeicfeadh sé agus nuair a d ’ amharc sé isteach thar chlaí an chuibhrinn bhí Dinis ina luí ansin. D ’ fhiafraigh Joe dó caidé bhain de agus dúirt sé leis gur dódh croí a bhuail é. Scairt Joe ar chuid de na comharsana, Dinis Phadaí Mhór agus Nochaí Boyce, agus thóg siad é isteach ‘ un tí. Tháinig an dochtúir, cuireadh fá choinne an otharchairr agus tugadh Dinis ‘ na hothar- lainne, ach ar an drochuair fuair Dinis bocht bás ar an bhealach. Tá mé cinnte go raibh a shíocháin déanta go maith aige le Dia mar go raibh sé ag an tsagart agus ag an Aifreann an mhaidin sin; bhí na “ stations ” tigh John Dhonchaidh Mhíchíl (Mac Giolla Bhríde). Dhá bhliain déag agus trí scór a bhí sé. Luaigh mé go bhfuair Paidí bás i Leitir Ceanainn tuairim is sé seachtaine ‘ na dhiaidh sin agus fuair James bás ar an chúigiú lá déag de Lúnasa an bhliain ina dhiaidh sin, 1966 agus gan é ach ocht mbliana agus leathchéad. Dár ndóigh bhí muintir Mhicí Bán muinteartha do mhuintir Dhonchaidh Mhíchíl, bhí Nancy, bean Mhicí Bán ina deirfiúr ag Donchadh Mhíchíl. Deir Proinsí (John Dhonchaidh Mhíchíl) go raibh James i gcónaí iontach maith dósan agus é ina ghasúr, gur ghnách leis nóta punta a thabhairt dó i gcónaí aimsir na Nollag agus ba shuim bhreá airgid é nóta punta san am sin. Fuair Máire, an duine deireanach den teaghlach, bás sa bhliain 1979. Bhí an teach díolta ag Máire sula bhfuair sí bás. Tógadh teach Mhicí Bán ag tús an chéid Sa phictiúr seo a glacadh taobh amuigh den seanteach i gCluain tSaileach i 2005 tá garchlann James. Ó chlé, ar cúl tá Rita, Ailín, Fíona agus Clár agus chun tosaigh tá Seán, Máiread agus Sharon. Teach Mhicí Bán Seanfhocal

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3