Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 7 stáit seirbhíseach in Oifig na Cánach i mBéal Feirste. De thairbhe go raibh an oiread sin suime ag a hathair sa Ghaeilge bhí sé i gcónaí ag moladh dóibh freastal ar ranganna oíche Gaeilge a bhíodh a reáchtáil ag an am, sa dóigh nach ndéanfadh siad dearmad de cibé Gaeilge a d’fhoghlaim siad ar an scoil. Bhí ranganna Gaeilge a reáchtáil ar Bhóthar na bhFál ag an am ag dream a raibh ‘Caomhnóirí na Gaeilge’ orthu. Ba anseo a chas sí lena fear céile Brian Ó Maoileoin, duine de na múinteoirí agus duine de bhunaitheoirí na heagraíochta. Bhí Caitlín seacht mbliana déag ag an am. Ba ghnáth le Caitlín a theacht chun na Gaeltachta nuair a bhí sí óg. Ba go Rann na Feirste a thagadh sí go minic ach bhí sí i nGort a’ Choirce ar feadh cúpla bliain chomh maith. Ba ghnáth leo a theacht ar an traein san am sin ó Bhéal Feirste go Leitir Ceanainn. Ansin dhéanfadh siad a mbealach go dtí an chearnóg i Leitir Ceanainn, áit a mbeadh busanna ag fanacht le hiad a thabhairt go dtí cibé ceantar Gaeltachta a raibh siad ag dul ann. Bhí sé de ghnás ag Brian a theacht go Ros Goill i gcónaí, bhí suim mhór aige sa cheantar agus chuir sé aithne ar mhuintir na háite de réir a chéile. Agus as Caitlín Uí Mhaoileoin. Ar an dara lá de mhí na Nollag a d’fhág Caitlín Uí Mhaoileoin slán leis an tsaol seo. Bhí sí san otharlann ar feadh tréimhse agus throid sí cath cruaidh cróga ach ar deireadh cha raibh de rogha aici ach géilleadh do ghlaoch an bháis. Ba dheas an rud é go raibh a clann timpeall uirthi do na huaireanta deireanacha dá saol. Bhí ard-mheas aici orthu agus bhí sí thar a bheith bródúil astu -- an chlann, ceoltóirí óga Ghoill, ar thug sí fhéin agus a fear céile Brian meas agus dúil sa cheol dóibh agus a thóg a croí go rímhinic ina saol le linn dóibh a bheith ag cur anam agus fuinneamh sa cheol traidisiúnta, a bhí sa dúchas acu fhéin, agus ar éirigh leo a chur ar aghaidh go cumasach chuig an chéad ghlún eile. Rugadh Caitlín i mBéal Feirste sa bhliain 1940 agus ba sa chathair sin a tógadh í. Taobh amuigh de chorr abairt agus de chorr bheannacht cha raibh Gaeilge ar bith ag a muintir ach ba iad a spreag a grá don Ghaeilge. Tugadh spreagadh di fhéin, dá beirt dheirfiúr agus dá beirt dheartháir an Ghaeilge a fhoghlaim agus meas agus grá a thaispeáint don teanga i gcónaí. Chuaigh sí fhéin agus a deirfiúr go scoil Naomh Antoin áit a raibh dearcadh iontach Gaelach ag na múinteoirí agus mar a dúirt Caitlín féin ina hagallamh le Fiona Pasoma sa bhliain 2005 ‘bhí cuid mhaith ag brath ar dhearcadh na múinteoirí agus le bheith fírinneach tá an rud céanna fíor inniu, dá mbeadh na múinteoirí uilig chomh lán de dhíograis agus a bhí na múinteoirí áirithe sin bheadh an Ghaeilge i bhfad níos sláintiúla inniu’. I ndiaidh di an scoil a fhágáil fuair sí post mar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3