Guth Ghoill, Eagrán 44
Eagrán 44 Nollaig 2012 8 mór é seo ach scéal do lá eile. Is cuimhin liom Caitlín ag rá liom i ndiaidh cruinniú de chuid Céim Aniar oíche amháin, ‘Nach seo an cineál ruda a bhí mé fhéin agus Brian ag iarraidh tús a chur leis sna seachtóidí’? D’aontaigh mé go hiomlán léithe mar go raibh an ceart aici dár ndóighe, bhí muid ag caint faoi dheich mbliain agus fiche roimhe sin, cha raibh cúrsaí Gaeilge ag an am chomh tráite agus atá siad anois. Cailleadh deis iontach. Cúrsaí Ceoil. Bhí Brian agus Caitlín iontach ceolmhar. Bhí Brian thar a bheith cumasach ar an fheadóg stáin, go speisialta na foinn mhalla agus na hamhráin. Ba amhránaí a bhí i gCaitlín ó bhí sí an-óg. Bhí sí fhéin agus deirfiúr léi, sin Máire, mar phríomh amhránaithe ban i gCór Eaglasta Naomh Maitiú agus iad ina ndéagóirí. Bhí clú agus cáil ar an chór seo ar fud Bhéal Feirste. Rinne siad an Messiah agus ceol eile den tsórt sin ag na hócáidí móra eaglasta le linn na bliana. Bhí an cór dírithe isteach ar na hamhráin dhiaga a chuaigh le cibé ócáid a bhí i gceist. Ba amhránaí a bhí i máthair Chaitlín agus mar sin de chuaigh an tsuim sa cheol siar fríd na glúnta. Nuair a bhog siad go Kenya bhí Caoimhe, an duine ba sine den chlann, sé bliana d’aois agus Pádraig cúig bliana d’aois an lá a bhain siad Kenya amach. Bhí Brian Óg chóir a bheith cúig bliana d’aois agus Máire Bheag dhá bhliain go leith. Rugadh Bríd an bhean ab óige cúig seachtaine i ndiaidh dóibh an tír a bhaint amach. Ba ghnáth le Brian na páistí a thabhairt ar a ghlúine, bhíodh feadóg aige agus shéidfeadh siadsan isteach san fheadóg agus dhéanfadh Brian na méara dóibh. Bhí ceol i gcónaí a bhuaileadh sa teach agus bhí an-dúil acu ann. Bhí siad go mór istigh sa cheol traidisiúnta agus le linn dóibh a bheith san Aifric bhí siad ag dul de cheol na hAifrice, gan trácht ar cheol chlasaiceach. Cha raibh dóigh ar bith nach mbeadh ceol ar a dtoil acu de thairbhe an timpeallacht inár tógadh iad. Mar amhránaí bhain Caitlín go leor duaiseanna agus dár ndóighe bhí cúpla ceann speisialta ann. Bhí sí thar a bheith bródúil agus an ceart sin aici gur bhain sí Comórtas na mBan ag Oireachtas na bliana 1993 i nGaillimh. Bhain sí siocair é a bheith ag teacht ar ais bliain i ndiaidh bliana méadaíodh ar an aithne sin agus bhí a chroí sa cheantar. Ba ghnáth léi fhéin agus le Brian a theacht go Tír Chonaill achan bhliain ar laethanta saoire sular pósadh iad. Théadh sise go Rann na Feirste agus ba ghnáth le Brian a theacht go Ros Goill. Naoi mbliana déag a bhí sí nuair a thug sí cuairt ar Ros Goill don chéad uair agus tháinig sí achan bhliain ina dhiaidh sin go dtí’n bhliain 1968. Cúpla bliain i ndiaidh a céad cuairt go Ros Goill phós sí fhéin agus Brian agus phill siad ar Ros Goill achan bhliain leis an teaghlach de réir mar a tháinig siad ar an tsaol. Kenya. Ba sa bhliain 1968 a d’imigh siad go Kenya, áit ar chaith siad trí bliana ann. Tréimhse aoibhinn álainn ina saol a bhí ann, áit a raibh cónaí orthu i dtír na Masai - daoine uaisle lán de chultúr. Bhí a fhios acu san am sin, agus bhí rún acu i gcónaí ó chuir siad aithne ar a chéile, go raibh siad le buanchónaí a dhéanamh ina dhiaidh sin i gceantar Ros Goill ach ba mhian leo beagán taistil a dhéanamh roimhe sin. Ros Goill. Tháinig Clann Uí Mhaoileoin go Ros Goill le buanchónaí a dhéanamh ann sa bhliain 1971 agus thóg siad teach cónaí ar an Mhuirleog. Mar atá fhios ag an saol mór bhí a gcroí sa teanga agus sa chultúr agus is cinnte go raibh meath na teanga sa cheantar Gaeltachta seo ag goillstin go mór orthu. Shocraigh siad ar iarrachtaí a dhéanamh rudaí a athrú ach ar an drochuair don cheantar tugadh an chluais bhodhar dóibh agus ba mhór an truaighe é sin. Níl fhios agam an rud é nár thuig na daoine caidé a bhí i gceist ag Brian nó an rud é nach raibh sé fhéin sásta go raibh rudaí ag tarlú gasta go leor ach is cinnte gur thit an síol ar thalamh a bhí thar a bheith doicheallach. Lena chois sin bhí fórsaí cumhachtacha sa cheantar ina gcoinne. Scéal
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3