Guth Ghoill, Eagrán 44

Eagrán 44 Nollaig 2012 9 lear ceann de na rudaí is mó a mheall í leis an chéim áirithe sin a dhéanamh! Chaith Caitlín cúpla bliain ag obair le Céim Aniar fosta agus is cinnte gur thaitin sin go mór léi. Cha raibh ócáid ar bith a bhain le cúrsaí teanga ná cúrsaí cultúir nach mbeadh Caitlín le feiceáil aici, corruair ag cuidiú, corruair ag glacadh páirt. Ceoltóirí Ghoill. Ba ghrúpa óg den scoth ab ea Ceoltóirí Ghoill, bhí binneas agus brí ina gcuid ceoil. Ba mhór an éacht a bhí dófa an Príomh Chomórtas do Ghrúpaí ceoil a bhaint i bhFéile Náisiúnta Leitir Ceanainn agus iad chomh hóg sin. Dar ndóigh nuair a bhí Ceoltóirí Ghoill i mbarr a réime b’éigean dóibh cuid mhór taistil a dhéanamh ó cheann ceann na tíre, go dtí na hoileáin Albanacha, an Bhreatain Bheag, fríd an Eoraip agus amach go Meiriceá fosta. Ba mhór an t-ualach agus an brú a bhain le seo. Tá Brian agus Caitlín anois ar shlí na fírinne, go ndéana Dia trócaire orthu ach tá Ceoltóirí Ghoill fágtha go fóill. Nárbh dheas an rud é dá dtiocfadh Caoimhe, Pádraig, Brian Óg, Máire agus Bríd le chéile arís agus an fhuaim bhinn bhríomhar bheomhar sin a bheith le cluinstin arís ón Mhuirleog agus é a spréadh amach ó cheann ceann na tíre. Is iomaí rud ab iontaí! Dhéanfar Caitlín a chrothnú go mór fán cheantar. Bean uasal séimh, síochánta, lách, cairdiúil agus múinte. Bean a raibh a croí sa teanga agus sa chultúr agus nár ghéill. Ar dheis lámh Dé go raibh a hanam dílis. * * * Corn fosta ag Oireachtas an Daingin an bhliain roimhe sin. Lena chois sin chaith Brian a shaol ag scríobh. Dúirt Caitlín gur scríbhneoir ildánach a bhí ann - úrscéalaí, gearrscéalaí, drámadóir agus file a bhí ann. Fuair ceann de na drámaí a scríobh sé ‘Caidrimh’, an chéad duais i gcomórtas darbh ainm ‘The Samuel Ferguson Award’. Ba mhór an onóir dó é seo mar gurbh é seo an chéad dráma i nGaeilge a chur BBC Tuaisceart Éireann amach ariamh. Bhí sé breá bródúil as an duais seo a fháil mar go raibh scríbhneoirí cumasacha istigh ar an chomórtas, naonúr déag ar fad. Bhí sé iontach ábalta mar scríbhneoir, go príomha mar fhile. Tá leabharlann in Áras Ros Goill agus mar chuid den leabharlann tá roinn speisialta de leabhartaí Gaeilge ann. Bhí neart leabhartaí ag Brian a chruinnigh sé le linn a shaoil agus tá muid buíoch do Chaitlín as ucht cuid mhaith de na leabhartaí sin a thabhairt don leabharlann, gan trácht ar chuid leabhartaí Bhrian fhéin. Tá muid faoi chomaoin ag Caitlín as sin a dhéanamh. Chaith Caitlín tréimhsí dá saol ag déanamh cineálacha éagsúla oibre. Bean éirimiúil a bhí inti agus chaith sí ceithre bliana in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag déanamh cúrsa aistriúcháin sa Fhraincis agus sa Spáinnis, ba seo ó 1998 go 2002. Mar gheall ar go raibh sé teanga bhunaithe b’éigean di bliain a chaitheamh thar lear, mar sin de chaith sí an tríú bliain den chéim sa Spáinn in Ollscoil Granada i ndeisceart na tire agus thaitin seo go mór léithe. Mheas sí fhéin gurb é an bhliain thar In Iowa i 1978 nuair a bhí an teaghlach ann mar ambasadóirí ceoil. Sa chearnóg i Leitir Ceanainn i 1979 nuair a bhain Ceoltóirí Ghoill an Phríomh Chomórtas do ghrúpaí ceoil i bhFéile Idirnáisiúnta Leitir Ceanainn.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3